Bí linn ag an Lá Eolais i gcampais Leitir Ceanainn & na gCealla Beaga ar an 23ú Lúnasa 10r.n.-3i.n.
Moll cúrsaí as a dtiocfaidh slite beatha spreagúla.
Tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) ag cur lena curaclam i dtólamh ar mhaithe le cláracha a thairiscint a ullmhóidh mic léinn i gcomhair slite beatha in earnálacha atá ag méadú go tapa. I mbliana, thug an choláiste isteach cúrsaí spreagúla úrnua i réimsí macasamhail Néalríomhaireacht, Ealaíona Cócaireachta, Altranas Fiaclóireachta, Innealtóireacht na Sábháilteachta Dóiteáin, Beochan agus Cóitseáil Spóirt. Le linn na bliana 2012, rinne an LYIT athnuachan iomlán ar a curaclam chun é a bheith in oiriúnt do na treochtaí is déanaí sa saol acadúil agus sa saol tionscail.
Tá ceithre scoil acadúil san LYIT – Gnó, Eolaíocht, Innealtóireacht, agus Turasóireacht sna Cealla Beaga – a chuireann ar fáil réimse leathan clár céime ag leibhéal iontrála, maraon le deiseanna níos leitheadaí i gcúrsaí iarchéime Máistreachta agus Dochtúireachta. Tá rogha de chorradh is 75 cúrsa ar fáil do mhic leinn. Lena chois sin, tá roinnt clár ar fáil do dhaoine ar mian leo filleadh ar an oideachas nó a ngairm bheatha a athrú.
Tá an LYIT lonnaithe ar dhá champas, ceann i Leitir Ceanainn agus an ceann eile sna Cealla Beaga. Tá an dá champas bríomhar agus beoga le háiseanna den scoth, ina measc páirc imeartha le tuilsolais lasmuigh, seomra ranga athchóirithe do thaispeántais cócaireachta, saotharlanna eolaíochta úrscothacha agus an t-aon Túr Traenála i bhFuinneamh Gaoithe in Éirinn. Tá cúrsaí a bhfuil clú agus cáil mhór orthu á dtairiscint sna Cealla Beaga in earnálacha na turasóireachta, an fháilteachais agus sna healaíona cócaireachta, maraon le clár uaillmhianach do mhalartú mac léinn ón Eoraip agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Chláraitheoir, Billy Bennett: “Táimid go hiomlán dírithe ar chláracha oiriúnacha a ofráil d’fhonn margadh atá ag athrú a shásamh, le béim faoi leith ar réimsí atá ag teacht cinn anois, cosúil le Néalríomhaireacht. Tá mic léinn atá i mbun staidéir san LYIT ag roghnú cúrsaí a chuirfidh deiseanna do ghairmeacha beatha ina mbealach amach anseo, chomh maith le scileanna a thabhairt dóibh a chinnteoidh go n-éireoidh go maith leo sa todhchaí.”
Faoi choinne tuilleadh eolais fá chúrsaí atá á dtairiscint, tar isteach le muid a fheiceáil le linn an Lá Eolais an tseachtain seo chugainn (campais Leitir Ceanainn agus Na gCealla Beaga, Déardaoin 23 Lúnasa, ón 10 r.n. go 3 i.n..Tá go leor ama fágtha le háit a chur in áirithe, nó déan teagmháil le Gráinne ag an uimhir 074 9186129.
Mon, 09 Jul 2012 16:16:00 BST


