Mic Léinn Turasóireachta ag fáil taithí oibre 5 réalta sa Fhrainc
Mic léinn ó Scoil Turasóireachta an LYIT ag fágáil ‘Slán’ ag Dún na nGall agus ‘Bonjour’ le Provence don tsamhradh
Chuaigh grúpa mac léinn ó Scoil Turasóireachta an LYIT go Nice ar na mallaibh le dhul i gceann taithí oibre luachmhar. Tá sé seo mar chuid de chomhaontú déthaobhach úr do dheiseanna oibre thar lear, comhaontú idir an LYIT agus coláiste comhpháirtithe i Sisteron na Fraince do mhic léinn atá ag staidéar fáilteachas agus na healaíona cócaireachta. Rinne Eloise McGinty, Léachtóir Fraincise, agus Mairead O’Kane, Comhordaitheoir Seirbhísí Mac Léinn iad a thionlacann.
Beidh James Howard, mac léinn dara bliana sna hEalaíona Cócaireachta, ag obair in óstán cúig réalta - Le Couvent des Minimes Hotel & Spa – sa réigiún álainn ar a dtugtar Alpes de Haute Provence. “Tá mé iontach sásta le mo shocrúchán oibre. Ní amháin go dtabharfaidh sé deis iontach domh aithne a fháil ar chócaireacht agus ar chultúr na Fraince ach fosta bhéarfaidh sé seans domh tabhairt faoi dhúshlán phearsanta siocair go mbeidh mé ag obair in áit ina gcaithfidh mé Fraincis a labhairt”. Tá James ar dhuine de sheachtar a bheas ag obair sa Fhrainc. Tá sé breá muiníneach go gcuideoidh an taithí oibre a fuair sé in Óstán Harvey’s Point roimhe seo lena shocrúchán sa Fhrainc.
Chuir Ciarán ó hAnnracháin, Ceann na Roinne Fáilteachais agus Turasóreachta, béim ar an tábhacht atá le taithí thar lear do mhic léinn. “Tá mórán buntáistí faoi leith i gceist do mhic léinn a oibríonn thar lear ar feadh seimeastair. Cuireann sé eispéireas suntasach ar fáil do mhic léinn ach ag an am céanna cuireann sé dúshlán os a gcoinne d’fhonn bheith ina ndaoine fásta neamhspleách. Tabharfaidh ár gcomhghleacaithe i Sisteron cabhair agus tacaíocht dár gcuid mac léinn ón LYIT le linn a socrúchán oibre. Tá an LYIT ag déanamh óstáil ar mhic léinn ó Sisteron le roinnt blianta anuas, agus tugann ár gcaidreamh leanúnach dúshraith iontach dúinn faoi choinne ár gclár oibre idirnáisiúnta féin a fhorbairt. Faigheann na mic léinn cabhair airgeadais ó dheontais Erasmus atá dírithe ar soghluaisteacht Eorpach a spreagadh i mic léinn d’fhonn socrúchain oibre agus staidéar a dhéanamh thar lear. Tá deis do shocrúchán oibre nó do staidéar thar lear mar chuid de gach clár i Scoil na Turasóireachta anois, rud atá ar aon dul leis an dea-chleachtas in ardoideachas idirnáisiúnta agus beimid ag cur leis na deiseanna sin san am átá amach romhainn”.
Rinne an LYIT athnuachan ar na mallaibh ar an churaclam chun a chinntiú go mbeadh sé in oiriúint do na caighdeáin is airde i ngach réimse. Dá bharr sin, tá réimse clár nua spreagúil á n-ofráil anois, go háirithe sna réimsí Fáilteachais, Turasóireachta agus na nEalaíon Cócaireachta. I measc na gclár ar leith, tá Bainistíocht Ionad Saoire agus Céim Onóracha sna hEalaíona Cócaireachta, ag tógáil ar an traidisiún láidir oiliúna agus oideachais do chócairí atá i réim sna Cealla Beaga le corradh agus daichead bliain. Tá Scoil na Turasóireachta ag feidhmiú sna Cealla Beaga ón bhliain 1969 ar aghaidh agus tá cáil uirthi mar ionad barr feabhais ó thaobh a bheith ag cur oiliúint agus oideachas ar dhaoine i gcomhair slite beatha in earnáil leitheadeach na turasóreachta.
Faoi choinne eolas a fháil ar na cláracha fáilteachais, turasóireachta agus na n-ealaíon cócaireachta áta á dtairiscint sa Scoil Thurasóireachta in LYIT, gabh go dtí an suíomh gréasáin: www.lyit.ie/courses/
Fortheideal an ghrianghraif: Mic Léinn ó Scoil Thurasóireachta an LYIT i ndiaidh dóibh a gceann scríbe i Nice a bhaint amach mar pháirt de shocrúcháin oibre. Tá Mairead O’Kane (ar dheis) in éineacht leis na mic léinn: Caitriona Hoey, Sean Keogh, Jamie Skelly, Aisling Rooney, Elina Aleksandrova, Caroline Marley, agus James Howard.
Mon, 09 Jul 2012 16:16:00 BST


