Sainoilteacht Chócairí Dhún na nGall ar taispeántas i Londain
D’éirigh go han-mhaith le mic léinn ó Scoil Thurasóireachta an LYIT sa chomórtas in Hotelympia
Chuaigh beirt mhac léinn sna healaíona cócaireachta agus léachtóir ó Scoil Thurasóireachta an LYIT (Na Cealla Beaga) go Londain ar na mallaibh le bheith san iomaíocht sa chomórtas cócaireachta sa Salon Culinaire International de Londres (nó an Hotelympia, mar a thugtar air san earnáil) a reáchtáladh san Excel Centre i Londain, áit ar éirigh go hiontach maith leo . Eagraítear an imeacht seo gach dara bliain agus tagann iomaitheoirí chuige ó gach cearn den domhan.
Bhí na mic léinn, Joe McGlynn agus Michael Thomas, san iomaíocht i réimse comórtas, ag obair ar mhiasanna te agus fuara ina raibh comhábhair éagsúla, ina measc iasc, feoil, pasta agus milseoga.
D’éirigh le Joe, atá ag staidéar go lánaimseartha do Chéim Bhaitsiléara sna hEalaíona Cócaireachta, dhá Dhámhachtain Fiúntais a bhaint amach, ceann amháin dá theirrín éisc agus ceann eile dá mhias éisc the. Lena chois sin, bronnadh dhá Dhámhachtain Sláinteachais na Breataine air, ceann dá mhias pasta agus ceann dá mhias uaineola te. I ndiaidh an chomórtais, bhí an méid seo a leanas le rá ag Joe: “Eispéireas ar dóigh a bhí ann, a bheith ag obair ar leibhéal domhanda. Ní bheadh ar mo chumas a bheith rannpháirteach sa chomórtas seo gan an cuidiú a fuair mé ón bhainistíocht, ón fhoireann agus ó mo chomh-mhic léinn i Scoil na Turasóiresachta agus ba mhaith liom mo bhúiochas ó chroí a chur in iúl dóíbh ar a shon sin. Cuireann sé seo ardán thar a bheith maith ar fáil dom chun mo ghairm a fhorbairt.”
Fuair Michael, atá ag staidéar go páirtaimseartha do Chéim Bhaitsiléara sna hEalaíona Cócaireachta, fuair sé Dámhachtain Fiúntais sa Dúshlán Idirnáisiúnta chrua ar a dtugtar an Robot Coupe. Sa chomórtas an-dian seo, bhí air cúrsaí tosaigh, príomhchúrsaí agus milseoga a ullmhú. Nuair a bhí an dúshlán curtha i gcrích aige, dúirt Michael, a bhí an-sásta leis féin, “Dúshlán mór a bhí ann agus bhí sé go hiontach a bheith san iomaíocht sna comórtais seo, atá aitheanta mar na cinn is iomráití sa domhan. Bhí sé fíorspreagúil a bheith san iomaíocht anseo i Londain, go speisialta ó tharla go raibh imeachtaí ceiliúrtha do Iubhaile na Banríona agus do na cluichí Oilimpeacha ar siúl ag an am céanna. Bhí an t-atmaisféar dochreidte.”
Níor lig Gabriel McSharry, Léachtóir sna hEalaíona Cócaireachta (Cistin agus Lardrús), agus meantóir don dá mhac léinn, níor lig sé a mhaidí le sruth ach an oiread. Bhí sé rannpháirteach i gclár oiliúna dian ar feadh dhá lá le linn na gcomórtas, ar mhaithe le creidiúnú a bhaint amach mar mheastóir leis an Chomhlachas Domhanda do Chumainn na gCócairí (World Association of Chefs Societies (WACS)). “Ciallaíonn sé sin go dtig liom a bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí sa tionscal agus a bheith ábalta an t-eolas agus an taithí a thabhairt ar ais go dtí an seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair do mo chuid mac léinn”, a mhínigh sé.
Agus é ag cur fáilte abhaile roimh an fhoireann, dúirt an Dr Seán Duffy, Ceann na Scoile Turasóireachta, go raibh an-áthas air leis na torthaí agus rinne sé comhghairdeas leo as ucht a n-éachtaí. Maidir le cad a chiallaigh a leithéid de bhua do Scoil na Turasóireachta, bhí an méid seo a leanas le rá ag Ciarán Ó hAnnracháin, Ceann na Roinne Fáilteachais, Turasóireachta agus na nEalaíon Cócaireachta: – “Tá an líon dámhachtainí fiúntais atá buaite ar stáitse domhanda go hiontach do na mic léinn siocair go ndaingnítear go héifeachtach an saothar a chuireann na mic léinn isteach ina gcuid oibre sa tseomra ranga seachtain i ndiaidh na seachtaine. Tá sé an-deacair na fiúntais seo a fháil i gcomórtais, agus is iomaí comórtas a chríochnaíonn gan aon dhámhachtain de bhrí nach mbíonn na caighdeáin ard go leor do na riachtanais. Domsa, áfach, is gnóthú Dámhachtainí Sláinteachais na Breataine an t-eilimint is tábhachtaí den ócáid. Cé go mbeidh cuid dár gcuid mac léinn ina mbuaiteoirí chruthaitheacha nuálacha i gcomórtais, caithfidh gach uile dhuine dár gcuid mac léinn a bheith in inmhe oibriú ar dhóigh atá sábháilte agus sláintiúil, agus is dearbhú iad na duaiseanna seo ar an obair laethúil a dhéanann foireann iomlán na n-ealaíona cócaireachta i Scoil na Turasóireachta.”
Teideal an ghriangheaif: Sa phictiúr tá: Ciaran Ó hAnnracháin, Ceann na Roinne Fáilteachais, Turasóireachta agus na nEalaíon Cócaireachta; Noleen Boyle, Léachtóir sna hEalaíona Cócaireachta (Taosrán); Michael Thomas (Buaiteoir); Joe McGlynn (Buaiteoir); Gabriel McSharry, Léachtóir sna hEalaíona Cócaireachta (Cistin agus Lardrús); agus an Dr Seán Duffy, Ceann na Scoile Turasóireachta
Thu, 22 Mar 2012 16:43:00 GMT


