Nasc ag Scoil Turasóireachta an LYIT le Bremerhaven, An Ghearmáin
Tá mic léinn ag déanamh staidéir ar chúrsa i dTurasóireacht Long Cúrsála in Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha i mBremerhaven
Tá Scoil Turasóireachta an LYIT i ndiaidh tús a chur le socrúchán déthaobhach le hOllscoil Bremerhaven sa Ghearmáin ar mhaithe le deiseanna staidéir thar lear a chur ar fáil do mhic léinn turasóireachta. Chuaigh an chéad ghrúpa mac léinn go Bremerhaven ag tús mí Mhárta chun tús a chur le seimeastar staidéir sa chlár iomráiteach i mBainistíocht Turasóireachta Long Cúrsála.
Tá Iosif Ciobanca, ón Rómáin ó dhúchas ach ina chónaí in Éirinn agus ag staidéar Turasóireacht agus Fáilteachas Idirnáisiúnta i Scoil Turasóireachta an LYIT, tá sé iontach tógtha leis an deis seo. “Tá an malartú seo ag tabhairt seans ar dóigh dom athbhreithniú a dhéanamh ar na réimsí den tionscal ina bhféadfainn mo ghairm bheatha a chur chun cinn sa todhchaí. Tá an fás i dTurasóireacht Long Cúrsála suimiúil, fiú an fás atá ag teacht ar líon na Long Cúrsála a thugann cuairt ar Na Cealla Beaga, áit a bhfuil mé ag staidéar”.
Chuaigh Ciarán Ó hAnnracháin, Ceann na Roinne Fáilteachais agus Turasóireachta, go Bremerhaven fosta agus bhuail sé leis an Ollamh, an Dr Alexis Papathanassis, Stiúrthóir an Chláir, agus le Aleksandra Rupietta, Comhordaitheoir Erasmus. “Tá mórán buntáistí soiléire ann do mhic léinn a théann go Bremerhaven faoi choinne seimeastar staidéir. I dtús báire, is cathair iontach í Bremerhaven, le stair mhuirí thar a bheith spéisiúil. Tuairim is an mhéid céanna le Corcaigh, tá an chathair mór go leor le heispéireas difriúil a thabhairt do mhic léinn as Na Cealla Beaga, ach beag go leor le mothú fáiltiúil a thabhairt dóibh. Tá an Hochschule istigh i lár na cathrach, ag bun na príomhshráide siopadóireachta . Ní fhéadfadh sé a bheith in áit níb fhearr. Eagraíonn an Hochshule dianchúrsaí Gearmáinise leis an Goethe Institute ar feadh trí seachtainí sula dtosaíonn an seimeastar. Tugann sé sin am dár gcuid mac léinn iad féin a dhéanamh sa bhaile agus buaileadh lena gcomhghleacaithe-staidéir ón scoil Ghearmánach. Ar an tríú dul síos, déantar an clár a sheachadadh trí mheán an Bhéarla, rud a dhéanann an clár i bhfad níos taitneamhaí do mhic léinn Éireannacha atá ag dul thar lear den chéad uair”.
Tá an Dr Sylvie Walsh, Comhordaitheoir Erasmus san LYIT, chomh dóchasach céanna faoin socrú seo. “Tá an LYIT páirteach i gClár Erasmus le dornán blianta anois, ach is léir go bhfuil líon na mac léinn a thagann go Leitir Ceanainn ó thar lear i bhfad níos airde ná líon na mac léinn ó Éirinn a théann go dtí an Eoraip. Gheobhaidh deis ar bith a spreagann mic léinn ó Éirinn d’fhonn taisteal go dtí an Eoraip tacaíocht iomlán ón oifig seo agus ó Erasmus.”
Tá sé ar intinn ag Scoil Turasóireachta an LYIT eilimintí de Staidéar Thar Lear agus Obair Thar Lear a thabhairt isteach ina gcuid clár úrnua go léir. Seo mar a mhínigh Ciarán Ó hAnnracháin an scéal, “Is cinnte, i ndáiríre, gurb é tionscal domhanda atá in earnáil an fháilteachais agus na turasóireachta, ach tá a fhios againn fosta gurb iad an Bhreatain, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc agus An Ghearmáin na ceithre mhargaí is mó atá ag Éirinn. Rachaidh socrúcháin idirnáisiúnta nó cláracha staidéir ar bith a chuireann eispéireas cultúrtha ar fáil dár gcuid mac léinn agus a ullmhaíonn níos fearr iad faoi choinne a bheith ag obair leis na margaí sin, nó iontu, rachaidh a leithéid chun sochair mhóir dá ngairmeacha beatha. Tá ár bhfócas anois ar leathnú a dhéanamh ar ár gciorcal comhpháirtithe sna ceithre príomh-mhargadh sin agus níos faide ar shiúl.”
NASCANNA ÚSÁIDEACHA
Cúrsaí Gastranómachais & Ealaíona Cócaireachta san LYIT
Cúrsaí Fáilteachais & Turasóireachta san LYIT
Thu, 22 Mar 2012 12:25:00 GMT


