Rothaíocht Charthanachta Campas go Campas
Ar do rothar leat – Rothaíocht Charthanachta LYIT ar 28 Aibreán
Déanfaidh LYIT rothaíocht 80 ciliméadar a reáchtáil ar an Satharn, 28 Aibreán, ón Scoil Turasóireachta ar Na Cealla Beaga chuig Campas Leitir Ceanainn; tugtar cuireadh do dhuine ar bith gur mian leo páirt a ghlacadh ann iarratas a chur isteach.
Rachaidh an t-airgead a bhaileofar chuig na carthanachtaí seo a leanas: Cumann Ailse na hÉireann, Cumann na hÉireann um Ghalar Néarón Luadrach agus Cumann Naomh Uinseann de Pól. Deis mhór í seo chun cuidiú le carthanachtaí fiúntacha a bhfuil airgead de dhíth orthu agus folláine coirp le haghaidh an tSamhraidh a chothu duit féin. Beidh an rothaíocht ar siúl ar 28 Aibreán; mar sin tá flúirse ama agat le haghaidh traenála chuige. Cuirfear córas iompair do na rannpháirtithe agus a gcuid rothar ar fáil ar an lá san.
Chun eolas breise agus cárta urraíochta a fháil, déan teagmháil le do thoil le una.cronin@lyit.ie, maeve.carr@lyit.ie, nó cuir glaoch ar Sheila ar 074 9186013.
Teideal phictiúir: Foireann agus mic léinn LYIT atá i mbun eagraíochta don rothaíocht charthanachta ó Na Cealla Beaga go Leitir Ceanainn ar 28 Aibreán. Tá fáilte roimh chách.
Ar chúl (ó chlé): Alfie O'Doherty, Martina Quinn, Chris O'Mahoney, Maeve Carr agus Austin Sammon. Chun tosaigh (ó chlé): Michelle Long, Sheila King agus Laura Murray.
Wed, 21 Mar 2012 15:02:00 GMT


