Lá spraoi as Gaeilge ar champas
Don cheathrú bliain as a chéile reachtaigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn Lá na Gaeilge Dé Máirt, 13 Márta 2012 chun ‘Seachtain na Gaeilge’ a chomóradh.
Tharla réimse leathan imeachtaí Gaeilge ar feadh an lae. Bhí baill foirne, mic léinn agus an pobal i gcoitinne páirteach agus iad ag baint úsáid as an ‘cúpla focal’.
Bhí deasc eolais ar fáil i rith an lae a thug deis do mhic léinn teacht ar eolas faoi chúrsaí Gaeilge, acmhainní foghlama agus seirbhísí.
Um thráthnóna bhí oíche Ghaelach ag An Dánlann; ócáid bhríomhar thaitneamhach le ceol, drámaíocht agus rince traidisiúnta i gcomhluadar ‘Cairde LYIT’ - Pat Campbell (Méarchláir), Marian Kerr (Fliúit), Finbar Rafferty (Maindilín/Mandóla), Oisín Rafferty (Giotár) agus
Rachel Akkoç (Amhráin).
Chuir Jordan Patton (Bainseó) agus Comhaltas Ceoltóirí Leitir Ceanainn an slua ag rince le ceol do na seiteanna traidisiúnta. Bhain an lucht féachana sult as dán dar teideal ‘An Tincéir Sás Ó’Néill’ a léirigh Amy Nic Giolla Iontóg (buaiteoir aithriseoireacht filíochta Réalt Uladh le gairid). Thug Scoil Rince Gaelach Uí Choigligh taispeántas rincí Gaelacha a ghreamaigh an slua.
Gabhann an Institiúid buíochas do gach duine a chabhraigh chun Lá na Gaeilge a eagrú. Tá buíochas ar leith ag dul dóibh siúd uile a chuaigh ar stáitse agus do Arena 7, The Swilly Inn, agus LYITSU as urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí le linn Seachtain na Gaeilge ag LYIT.
Fri, 16 Mar 2012 16:29:00 GMT


