Tugann an LYIT tacaíocht do READ LK
Bhí an LYIT páirteach sa tionscnamh darb ainm READ LK, tionscadal nuálach a bhfuil sé mar aidhm aige óg agus aosta a spreagadh le bheith ag léitheoireacht le chéile. Labhair Siobhán Parkinson, Craobh-údar na bPáistí, faoin tionscadal agus faoina leabhar féin ag imeacht speisialta a reáchtáladh san LYIT ar na mallaibh.
Is é an chuspóir atá ag READ LK ná léitheoireacht a spreagadh trí cuireadh a thabhairt do gach uile dhuine an leabhar céanna a léamh san áit chéanna i gcomhfhios léitheoireachta comhchoiteann, gníomh gurb fhéidir leis cuidiú le pobal agus le litearthacht. Bunaithe ar an togra domhanda ‘Leabhar Amháin, Pobal Amháin’, tá sé mar sprioc léitheoireacht a spreagadh i ngach aoisghrúpa agus pobal, idir óg agus aosta, i gceantar Leitir Ceanainn. Rinne Siobhán Parkinson as Leitir Ceanainn, an chéad Chraobh-údar do Pháistí in Éirinn, an tionscadal a sheoladh le linn na seachtaine seo. Mar sin de, tar go Leitir Ceanainn, faigh an leabhar “Four Kids, Three Cats, Two Cats, One Witch (Maybe)” agus tosaigh ag léamh!
Is tionscadal samhlaíoch é Read LK atá in ann thú a thabhairt cibé áit is mian leat .... i do shamhlaíocht, ar ndóigh. Bunaithe ar an togra domhanda ‘Leabhar Amháin, Pobal Amháin’, tá sé mar aidhm aige daoine áitiúla a thabhairt le chéile tríd an léitheoireacht agus a bheith ag caibidil faoin leabhar céanna. Is é an smaoineamh atá ar a chúl ná an oiread daoine agus is féidir i Leitir Ceanainn a mhealladh chun leabhar amháin ón údar céanna a léamh ag an am céanna. Tá Read LK a eagrú ag Bunscoil Educate Together i Leitir Ceanainn, Coláiste an Earagail, Leabharlann Leitir Ceanainn agus Comhairle Baile Leitir Ceanainn maraon le gníomhaireachtaí, gnólachtaí agus pobail áitiúla.
Ba í Siobhán Parkinson agus agus Méara an bhaile, an Clr Gerry McMonagle, a sheol an tionscnamh READ LK an tseachtain seo. Is as Leitir Ceanann do Shiobhán, bean a bhfuil aithne mhaith uirthi mar scríbhneoir do pháistí agus atá ainmnithe anois mar an chéad Chraobh-údar in Éirinn do pháistí. Tá an leabhar FOUR KIDS, THREE CATS, TWO COWS, ONE WITCH (MAYBE) roghnaithe mar an Leabhar Amháin le léamh thar na cúig seachtainí amach romhainn. I measc na gcainteoirí a bhí ag an seoladh, bhí Donna Quinn, Bainisteoir Feidhmeannach Sinsearach ar Sheirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus an Clr Noel McBride, Méara Dhún na nGall. Roimhe sin, labhair Siobhán Parkinson san LYIT faoina ról mar Craobh-údar na bPáistí agus chuir sí comhairle phraiticiúil ar fáil don lucht éisteachta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag duine de na heagraitheoirí, Máire McManus as an scoil Educate Together i Leitir Ceanainn: “D’éirigh go hiontach maith cheana féin leis an tionscadal seo ar fud an domhain agus i mbailte eile in Éirinn. Tá sé cruthaithe go gcothaíonn sé braiteanas pobail agus ag an am céanna go gcuireann sé litearthacht chun cinn agus go spreagann sé gach duine le bheith ag léamh. Maidir le dearcadh na scoile, táimid ag gríosadh páistí agus a dteaghlaigh chun an leabhar a léamh agus an scéal a phlé. Chomh maith leis sin, beidh gníomhaíochtaí tacaíochta á n-eagrú i scoileanna, sna leabharlanna agus i measc an phobail thar na cúig seachtainí amach romhainn.”
Deir Eileen Maguire, Coláiste an Earagail, go bhfuil dóigheanna éagsúla ann le bheith rannpháirteach, “Ba chóir an leabhar a léamh i dtús báire. Tá neart acu ar fáil sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ach beidh siad ar fáil fosta in Easons agus i siopa Soláthairtí Oideachais Sprint. Gheobhaidh duine ar bith a fhaigheann leabhar ar iasacht ón Lárleabharlann nó a cheannaíonn é ó na soláthraithe áitiúla, gheobhaidh siad suaitheantas agus mholfadh muid dóibh é sin a chaitheamh i rith na 5 seachtainí. Tá leathanach againn ar Facebook agus táimid ag iarraidh ar dhaoine grianghraif agus barúlacha a chur ar an leathanach le linn dóibh a bheith ag léamh an leabhair. Lena chois sin, thig le duine ar bith atá os cionn 18 bliain d’aois cur isteach ar chomórtas i scríbhneoireacht chruthaitheach, a ndéanfaidh O’Brien Press moltóireacht air, agus fosta beimid ag reáchtáil comórtas ealaíne sa dá scoil. Beidh iomlán eolais ar chomórtaisí agus ar imeachtaí ar ár leathanach Facebook, ‘READ LK’, nó thig leat ríomhphost a chur chugainn ag an seoladh: readlk2012@gmail.com.”
Fortheideal grianghraif:Tosaigh ag léamh: FOUR KIDS, THREE CATS, TWO COWS, ONE WITCH (MAYBE), Leitir Ceanainn. Rinneadh seoladh oifigiúil an tseachtain seo ar an tionscnamh READ LK, a bhfuil sé mar sprioc aige óg agus aosta a ghríosadh le bheith ag léitheoireacht le chéile.Suite: Ray Bonar; Paddy Hannigan, Comhordaitheoir an Chláir Críochnaithe Scoile; agus Siobhán Parkinson, Scríbhneoir agus Craobh-údar na hÉireann do Pháistí.Ar cúl: Roisin McCormack, Speisialtóir i dTacaíocht Foghlama, LYIT; John Andy Bonar, Ceann na Forbraíochta, LYIT; Máire McManus, Educate Together; Billy Bennett, Cláraitheoir, LYIT; agus Eileen Maguire, Coláiste an Earagail.[Grianghraf: Clive Wasson]
NASCANNA ÚSÁIDEACHA READ LK Channel
Mon, 12 Mar 2012 09:33:00 GMT


