Mias de Bhia Maith Dhún na nGall
Tionscnamh Inspreagtha do Thábhairnó Maithe Bia chun líon na gcuairteoirí a mhéadú agus táirgí Dhún na nGall a chur ar an mhargadh.
Tá grúpa de thithe tábhairne/bialanna agus táirgeoirí áitiúla bia rannpháirteach i dtionscadal nuálach ar mhaithe le bolscaireacht a dhéanamh ar tháirgí bia áitiúla Dhún na nGall chomh maith leis an atmaisféar iontach atá i dtábhairní iomráiteacha ar fud Dhún na nGall.
Dhreasaigh an tionscnamh seo Fiontar Éireann chun é a mhaoiniú a bhuíochas do dhearbháin nuálaíochta agus táthar a reáchtáil i gcomhar le Scoil Turasóireachta an LYIT. Tá sé mar aidhm ag “Tábhairní Maithe Bia Dhún na nGall” feasacht a ardú fá tháirgí bia áitiúla agus fá na biachláir bhlasta atá ar fáil i dtábhairní Dhún na nGall. Áirithe sa tionscnamh seo, beidh suíomh idirlín, conair na dtábhairní, bunachar sonraí de tháirgeoirí áitiúla, tiomantas d’inbhuanaitheachta agus forbairt ar tháirgí úrnua.
Thug Deirdre MacNamara, Léachtóir san LYIT, an míniú seo: “Is é seo cur chuige nua spreagúil i bhforbairt tháirgí bia, a tharraingíonn as saineolas agus taithí na dtithe tábhairne, an LYIT agus na dtáirgeoirí bia. Ofrálann Tábhairní Maithe Bia Dhún na nGall fóram a aithneoidh na príomhdhúshláin agus a chothóidh timpeallacht ina roinnfear eolas. Is é an smaoineamh atá mar bhunús don bhranda ‘Tábhairní Maithe Bia Dhún na nGall’ ná gurb é trí chomharghnó an dóigh níos éifeachtaí le dul san iomaíocht i margadh deacair.”
Beidh trí tháirge úr bia á gcur ar fáil in earnáil an mhiondíola ach i dtús báire déanfar iad a lainseáil i gcuideachta a chéile agus a chur ar fáil sna tábhairní mar “Mias de Bhia Maith Dhún na nGall”. Beidh comhoibriú dlúth idir an grúpa agus Scoil Turasóireachta an LYIT ar mhaithe le taighde a dhéanamh i rith an phróisis forbartha ar tháirgí. De réir Deirdre MacNamara, “Oibreoidh an LYIT le gach táirgeoir bia ón chéim taighde go dtí go mbeidh an táirge réidh don mhargadh. A bhuí de bheith ag forbairt táirgí úra ó bhia a fhástar go háitiúil agus de bheith á gcur ar fáil i dtábhairní áitiúla a bhfuil iomrá mhaith leo, bainfidh daoine an-phléisiúr as ionaid cháiliúla agus as bia den scóth ag an am céanna.”
“Léiríonn taighde a rinne Fáilte Éireann go bhfuil an cuairteoir go Dún na nGall ar lorg bia maith áitiúil, a chuirtear ar fáil i suíomh neamhfhoirmeálta i dteach tábhairne in éineacht le ceol traidisiúnta Gaelach,” a dúirt Enda O’Rourke ón Village Tavern, Tamhnach an tSalainn, úinéir amháin ó Thábhairní Maithe Bia Dhún na nGall. Chuir Hugh O’Donnell ó Hughie’s Seafood Bar, Na Cealla Beaga, an méid seo leis: “Shocair muid úinéirí tábhairne ó gach cearn den chontae, a raibh an dearcadh céanna acu, a thabhairt le chéile agus an branda úrnua a chruthú, ‘Tábhairní Maithe Bia Dhún na nGall’. De thairbhe sin, táimid ag tabhairt do chuairteoirí an rud atá a lorg acu – timpeallacht bheoga spreagúil agus bia blasta áitiúil.”
Cheana féin tá an grúpa i mbun oibre le táirgeoirí áitiúla bia, macasamhail Bacús Uí Ghallachóir, Búistéirí Mhig Eiteagáin agus Filligan’s (subha/seatnaí/anlainn) d’fhonn táirgí úra a chruthú. I measc na dtáirgí iomráiteacha den chéad scoth atá ar na bacáin, tá uaineoil Dhún na nGall, arán leann dubh agus anlann spíonán.
Ar deireadh, bhí seo le rá ag Hugh O’Donnell, Hughie’s Seafood Bar, Na Cealla Beaga, “Tá sé doiligh do thithe tábhairne tuaithe maireachtáil na laethanta seo agus tá rabhadh tugtha ag Grúpa Thionscal na nDeochanna nach bhfuil rudaí ag amharc go maith don mhargadh ar-cheadúnas. Cheana féin, druideadh 1,300 teach tábhairne ar fud na hÉireann le cúig bliana anuas, de réir Chónaidhm na gCeannaithe Fíonta. Is é seo bealach amháin chun borradh a chur san earnáil.”
Is iad seo a leanas na chéad tábhairní do Bhia Dhún na nGall: Dawros Bay House & Joe’s Seafood Bar, An Fhearthainn, Port Nua; Hughie’s Seafood Bar, Na Cealla Beaga; The Village Tavern, Tamhnach an tSalainn; Nancy’s Bar, Ard a’ Rátha; The Lobster Pot, Ailt an Chorráin; The Beachcomber, Ráth Maoláin; The Traveller’s Inn, Baile na nGallóglach; Tábhairne Leo, Croithlí; Tábhairne an Bayview, An Clochán Liath; agus The Tavern, Cill Chluainaidh, Port Nua.
Faoi choinne tuilleadh eolais ar Thábhairní Maithe Bia Dhún na nGall, faigh i dteagmháil le Michael McBride, The Traveller’s Inn, 074 9163499.
Fortheideal Grianghraif:Úinéirí thithe tábhairne i nDún na nGall ag déanamh bolscaireachta ar bhia áitiúil den chéad scoth ina gcuid tábhairní a bhuíochas don togra Tábhairní Maithe Bia Dhún na nGall.Grianghraf #1: Rosemary Dewhirst (LYIT), Deirdre MacNamara (LYIT), Hugh O'Donnell (Hughie’s Seafood Bar), Conor McHugh (Nancy's Bar), agus Michelle Hunter (LYIT)Grianghraf #2: Rosemary Dewhirst (LYIT), Deirdre MacNamara (LYIT), Tim Bechtold (The Lobster Pot), Michael McBride (The Traveller’s Inn), Patrick Boyle (Bayview Bar), agus Michelle Hunter (LYIT)
Wed, 29 Feb 2012 12:05:00 GMT


