Thiomsaigh mic léinn thar €5k do charthanais
Chruinnigh mic léinn chéad bhliana suim suntasach de €5,120 laistigh de 5 seachtainí do 7 gcarthanas
Rinne mic léinn sa chéad bhliain de Chéim i Riarachán Gnó agus Spóirt san LYIT go hiontach maith nuair a d’éirigh leo €5,120 a chruinniú do sheacht gcarthanas, mar pháirt de thasc ina gcuid staidéir dá gCéimeanna Baitsiléara.
Is cinnte gurb é seo toradh iontach fiúntach sa ghéarchéim eacnamaíoch seo, nuair atá carthanais in iomaíocht lena chéile ar mhaithe le flaithiúlacht mhuintir Dhún na nGall agus mhuintir Shligigh a fháil dóibh féin. Bhí na mic léinn roinnte ina seacht ngrúpa agus bhí ar gach grúpa smaoineamh ar mhodhanna nuálacha do thiomsú airgid don charthanas a bhí roghnaithe acu. Iarradh orthu a gcuid fáthanna do roghnú carthanas faoi leith a thabhairt agus ansin oibriú le chéile chun a gcuid smaointe a chur i gcleachtas. San áireamh anseo bhí pleanáil, eagrú, gníomhaíochtaí comhordúcháin agus baint amach na sprice deiridh den togra, agus é seo go léir curtha i gcrích laistigh de sceideal gnóthach léachtanna agus staidéir. Roghnaigh mórán de na mic léinn carthanais a raibh taithí phearsanta acu orthu trí bhaill teaghlaigh agus cairde, m.sh. Ospís Dhún na nGall, NCBI, Autism Ireland agus Ospidéal Mhuire na Leanaí.
Bhí an méid seo le rá ag Yvonne McCallion, Léachtóir, a rinne comhordú ar an tasc: “Bhí sé mar aidhm ag an togra na mic léinn a neartú i mbun comharaíochta agus scileanna inaistrithe a chothú iontu ar mhaithe lena muinín a láidriú agus a n-eispéaras foghlama a fheabhsú. Ceann de na príomhchúiseanna a bhí i gceist leis na mic léinn a chur ag obair le chéile mar fhoireann ná chun cur ar a súile gurb fhéidir leo tarraingt as taithí, inniúlacht agus tiomantas a chéile chun comhspriocanna a chur i gcrích.”
Wed, 29 Feb 2012 12:06:00 GMT


