Duais buaite ag mic léinn an LYIT i gcomórtas náisiúnta an Údaráis Sábháilteacht agus Sláinte
Fuair foireann mac léinn ón LYIT an tríú háit sa Comórtas ‘Sábháilteacht i nDearadh agus i bhFoirgníocht’ a eagraíonn an tÚdarás Sábháilteachta agus Sláinte (HSA)
Bhuaigh foireann mac léinn ón LYIT an tríú háit agus €1,000 i gcomórtas tríú leibhéal an Údaráis Sábháilteachta agus Sláinte, darb ainm ‘Sábháilteacht i nDearadh agus i bhFoirgníocht’, comórtas atá dírithe ar fhochéimithe. Sa bhabtha ceannais, a eagraíodh in Óstán Aisling i mBaile Átha Cliath ar an 1ad lá de mhí Feabhra, bhí sé fhoireann ar an ghearrliosta agus in iomaíocht lena chéile don chéad duais ab fhiú €3,000. Bhí an bhua ag Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus fuair NUIG an dara háit. I measc na n-institiúidí tríú leibhéal eile a bhí sa choimhlint, bhí Institiúid Teicneolaíochta Chorcaigh agus dhá fhoireann eile ó IT Cheatharlach.
Is í an aidhm atá taobh thiar den chomórtas ná timpeallacht a chur ar fáil inar féidir le mic léinn fhochéime comhoibriú le chéile ar mhaithe lena n-eolas agus a dtuiscint ar shábháilteacht agus ar shláinte san earnáil thógála a fheabhsú, a fhorbairt agus a bhuanú. I gceist sa dúshlán seo, bhí roghnú, fáil agus suiteáil Aonad Modúlach MRI, maraon leis na réamhoibreacha agus na hoibreacha comhéadáin go léir a bhaineann lena leithéid, laistigh d’ospidéal a bhí tógtha cheana féin. Lena chois sin, bhí dearadh agus sonraíocht d’aon oibreacha athchumraíochta, a mbeadh gá lena ndéanamh san ospidéal, mar chuid den togra. Bhí sé thar a bheith tábhachtach sa treoir do na hiomaitheoirí go gcosnófaí, chomh fada is a b’fhéidir, sábháilteacht agus sláinte na n-othar, na mball foirne agus na n-oibrithe tógála ó rioscaí ar bith a d’fhéadfadh tarlú de bharr na n-oibreacha suiteála.
Seo a leanas mar a labhair Cathaoirleach Ghrúpa Oideachais Tríú Leibhéal an Údaráis, an Dr Anne Drummond: “Téann an comórtas seo lasmuigh de theorainneacha an tseomra ranga agus tugann sé mic léinn le chéile a d’fhéadfadh gan aon idirghníomhú a bheith déanta acu go fóill ag leibhéal fochéime ach a d’fhéadfadh a bheith ag obair le chéile mar ghairmithe amach anseo. Tá an cur chuige don chomórtas seo bunaithe ar fhoghlaim fhadbh-bhunaithe atá i bhfad níos cosúla leis an saol gairmiúil ná mar atá mórán de na modhanna measúnachta traidisiúnta. Ón aiseolas a fhaightear ó mhic léinn agus óna gcuid léachtóirí, is léir gur páirt phléisiúrtha fiúntach dá n-eispéareas foghlama atá sa rannpháirtíocht lena gcomhghleacaithe ar an chomórtas.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Joanne Harmon, Bainisteoir Oideachais leis an Údarás Sábháilteachta agus Sláinte: “Is é seo an tríú bliain den chomórtas seo agus tá sé go hiontach an leibhéal rannpháirtíochta a fheiceáil ó mhic léinn agus óna gcuid léachtóirí chomh maith leis na hardchaighdeáin agus an chruthaitheacht a thaispeántar i gcónaí. Ba mhaith liom tréaslú le IT Leitir Ceanainn agus mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine eile a ghlac páirt. Choiméadamar an faisnéisiú chomh fíor is a d’fhéadfaí sa dóigh go mbeadh ar na mic léinn a bheith cruthaitheach ina gcuid réiteach cé go bhfuil an dóchúlacht ann go dtiocfaidh siad trasna ar a mhacasamhail de chásanna ina saol oibre sa todhchaí.”
Ba iad seo a leanas na daoine a bhí ar an phainéal moltóireachta: Paraig Earley (Cigire Polasaí Tógála, HSA), Mike Keyes (Bainistíocht Shábháilteachta le hAegis) agus Tony Sheridan (Bainisteoir Sábháilteachta agus Sláinte le John Sisk & a Mhac Teo.).
Foilseofar na trí iontrálacha ab fhearr ar shuíomh gréasáin an HSA, ag www.hsa.ie/education
Thu, 01 Mar 2012 12:00:00 GMT


