about-top.jpg

Institiúidí Teicneolaíochta Réigiún na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair ag Caibidil fá Ollscoil Teicneolaíochta.

Tá an plé ag ceann de na céimeanna deiridh maidir le hollscoil teicneolaíochta a bhunú.

Tá na cúig institiúid teicneolaíochta atá lonnaithe i Réigiún na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair ar shéala a bheith críochnaithe go fabhrach leis na comhráite i ndáil le hollscoil teicneolaíochta a bhunú.

Ag brath ar cheadú ón Rialtas, chruthódh Ollscoil Teicneolaíochta na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair (BMW TU) an t-institiúid ardoideachais is mó sa tír, le 27,000 mac léinn.

Tá grúpa stiúrtha ar a bhfuil ionadaíocht ag na huachtaráin agus na baill foirne sinsearacha ó Institiúid Teicneolaíochta Bhale Átha Luain, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh i mbun na hidirbheartaíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an tOllamh Ciarán Ó Catháin, Uachtarán IT Bhaile Átha Luain: “Táimid ag iarraidh institiúid difreálaithe a chruthú, ceann a bheas aitheanta as sárfheabhas a cuid teagaisc agus léinn, agus a dlúthchomhoibriú le tionscal. Beidh a leithéid d’ollscoil teicneolaíochta i bhfad níos mó ná coimriú a codanna, beidh sí amhail le gníomhaire cumhachtach don athrú san ardoideachas do na pobail agus do na páirtithe leasmhara go léir a mbeidh baint acu léi.”

Dúirt Michael Carmody, Uachtarán IT na Gaillimhe-Maigh Eo “Beidh BMW TU i bhfad níos tarraingtí do mhic léinn, siocair go bhféadfadh comhchláracha a bheith i gceist idir champais agus dá bharr sin bheadh teagmháil níos dlúithe le gnólachtaí áitiúla. Lena chois sin, tá an fhéidearthacht ann go mbeadh leibbhéil níos airde speisialtóireachta laistigh de chláracha, rud a thabharfadh rogha níos leithne do mhic léinn. Inár gcuid plé san am i láthair, táimid ag iarraidh frámaíocht shoiléir a chruthú do sholáthar clár a bheadh coitianta do na cúig institiúid, rud atá iontach tábhachtach.”

“Beidh úsáid nuálach na teicneolaíochta mar bhonn agus thaca le rathúlacht Ollscoil Teicneolaíochta Réigiún na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair,” a dúirt Uachtarán IT Shligigh, an tOllamh Terri Scott. “Leanfaidh muid ar aghaidh ag brú nuáil chun tosaigh i léann ar-líne ar mhaithe leis na riachtanais tionscail atá ag athrú a shásamh, chun deiseanna sa mhargadh idirnáisiúnta a uasmhéadú agus chun  léann agus méadú scileanna a chur ar chumas fhoghlaimeoirí de gach uile aois.”

“Is é an dóigh is fearr a ndéanfaidh BMW TU freastal ar riachtanais an réigiúin seo an pháirt is tábhachtaí dár gcuid comhráite,” a dúirt Uachtarán IT Dhún Dealgan, Denis Cummins. “Beidh taighde agus nuáil a thugann tacaíocht do thionscal dúchasach agus do thionscal ilnáisiúnta lárnach don oibriúchán seo, rud a bheas ina chatalaíoch faoi choinne fostaíocht a chruthú. Cuirfidh sé seo go mór lenár gcruthúnas go dtí seo de bheith ag tacú le fiontar.”

Táthar leis na critéir do na hinstitiúidí teicneolaíochta a fhoilsiú i mí Feabhra. De réir an méid a bhí le rá ag Uachtarán an LYIT, Paul Hannigan, déanfaidh an grúpa stiúrtha “measúnacht ar stádas na gcúig institiúid i ndáil leis na critéir chomhaontaithe seo agus aithnóidh siad na réimsí ina bhfuil gá le gníomhú chun iad a shásamh, ina measc na himpleachtaí a bheadh ag múnlaí difriúla den chomhoibriú.”

Tá an grúpa stiúrtha tiomanta chun a chinntiú go bhfuil na páirtithe leasmhara ábhartha go léir ar an eolas fá na forbairtí ar bhunús leanúnach, agus tá siad ag cur plean comhairliúcháin le chéile do na páirtithe ábhartha mar is cuí.

Tá Institiúidí Teicneolaíochta Réigiún na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair ag comhoibriú le chéile le fada an lá a bhuíochas do Líonra, gréasán ina bhfuil Ollscoil Náisiúnta na Gaillimhe agus Coláiste Naomh Aingeal páirteach chomh maith. Bunaíodh Líonra sa bhliain 1999 chun a bheith mar chatalaíoch do nuáil agus d’athnuachan eacnamaíoch, bunaithe ar fhaisnéis, i Réigiún na Teorann, an Láir Tíre agus an Iarthair.



Tue, 24 Jan 2012 13:25:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht