about-top.jpg

Tagann 'Passiv Haus' go dtí an LYIT

Déanann an LYIT comhshnaidhmeadh ar theicnící inbhuanaithe maithe d’fhoirgníocht agus do dhearadh ina cuid cúrsaí.

Passive Housing Tá grúpa de bhaill foirne ón Roinn Innealtóireachta Sibhialta agus Tógála san LTIT ar thús cadhnaíochta sna teicnící is déanaí i ndearadh foirgnimh inbhuanaithe, i ndiaidh dóibh an cúrsa traenála do Dhearthóirí Creidiúnaithe de Thithe Éighníomhacha, a reáchtáladh ar na mallaibh san LYIT, a chur i gcrích go rathúil.

Is caighdeán tógala sár-éifeachtach atá sa Chaighdéan Tithíochta Éighníomhaí a chuireann ar fáil sábháil airgid suntasach i ndáil leis na costais a bhíonn i gceist le téamh agus fuarú spáis. Is féidir caighdeán ‘Passiv Haus’, a ndearnadh forbairt air sa Ghearmáin, a úsáid do gach cineál foirgnimh. Úsáideadh an caighdeán i dtithe cónaithe, i gcoimpléisc árasán, i scoileanna agus i bhfoirgnimh tráchtála. Tá tionchar leitheadach aige anois ar dhearadh sa Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Dúirt Anne Boner, Ceann na Roinne Innealtóireachta Sibhialta & Tógála san LYIT, an méid seo a leanas: "Is maith linne fanacht chun tosaigh leis na treochtaí atá ag nochtadh. Le blianta beaga anuas, tá saincheist na hinbhuanaitheachta san earnáil tógála ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí, gné atá léirithe inár gcuid clár. Anois nuair atá an clár traenála do Dhearthóir Tithíochta Éighníomhaí curtha i gcrích ag na léachtóirí sa Roinn, beidh na prionsabail seo mar chuid lárnach de na cláracha tógála san LYIT, leithéidí Teicneolaíocht Ailtireachta agus Innealtóireacht Shábháilteachta Dóiteáin."

Conas mar a oibríonn sé?

Úsáideann an caighdéan Tithíochta Éighníomhaí córas a chónascann dlúthdhearadh a uasmhéadaíonn treoshuíomh, ardleibhéil inslithe agus comhpháirteanna atá tíosach ar fhuinneamh le tomhas sainithe de theanndlús aeir agus córas aisghabhála teasa.  Is féidir suas go 90% de chostas téite spáis a shábháil i gcomparáid leis an chostas do ghnáth-fhoirgneamh. Cé go bhfuil na costais tógála ar Theach Éighníomhach 10% níos airde ar an mheán, gheobhfaí an caiteachas tosaigh ar ais laistigh de dhornán blianta. I measc na mbuntáistí eile atá leis, tá na leibhéil sócúlachta agus feidhmíochta, agus fios go bhfuil an foirgneamh ag cur leis an timpeallacht agus nach bhfágann sé ach lorg carbóin íseal.

Bhí an méid seo le rá ag Anne fosta: "Tabharfaidh na deiseanna spreagúla gnó seo chun uasghrádú go dtí caighdeán ‘Passiv Haus’ a dhéanamh ar fhoirgnimh atá tógtha cheana, tabharfaidh siad uchtach agus borradh fáis atá de dhíth go géar do thionscal na tógála.  Cé go bhfuil líon na dtithe éighníomhacha atá creidiúnaithe in Éirinn íseal go fóill, ach ag fás, tá spéis mhór á léiriú de réir mar atá daoine ag éirí eolach agus tuisceanach ar an córas dearaidh seo.

Cheana féin, tá mórán ailtirí agus forbróirí ag cur gnéithe den chaighdeán ‘Passiv Haus’ isteach ina gcuid dearaí. Ciallaíonn a leithéid sin go bhfuil réimse foirgneamh éiceabhách nó ísealfhuinneamh á gcur ar fáil. B’fhéidir nach bhfaigheadh siad deimhniú gur tithe éighníomhacha iad ach, ó thaobh inbhuanaitheachta de, is cinnte gur an-fheabhsú é ar an chaighdeán a fhaightear trí bheith ag úsáid caighdeán tairsí na Rialacháin Tógála."

Fortheideal grianghraif:  Grúpa de bhaill foirne LYIT ón Roinn Inealtóireachta Sibhialta & Tógála in éineacht le hailtírí agus gairmithe eile ó gach cearn d’Éirinn, thuaidh agus theas, i ndiaidh dóíbh an cúrsa traenála do Dhearthóirí Creidiúnaithe de Thithe Éighníomhacha a chríochnú san LYIT.  Ó chlé: Brian McElhinney (Ailtire), William Moffitt (Moffitt & Robinson Construction Ltd), Tomas O'Leary (Irish Passive House Academy), Michael Boyle (Hamilton Architects), Anna Meehan (LYIT), Tony Carr (LYIT), Anne Boner (Ceann na Roinne Innealtóireachta Sibhialta & Tógála, LYIT), Michael McBride (Michael McBride Architectural Services), Gerry Kelly (LYIT), agus Brendan Gallagher (LYIT).



Wed, 29 Feb 2012 11:59:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht