about-top.jpg

An clár Skills @ Work seolta

De bharr nasc úrnua idir an LYIT agus Pobalscoil na Rosann, ullmhófar na daltaí don tsaol oibre.

Skills @ Work & Rosses CS Inniu, tugann an LYIT gealltanas cuidithe do dhaltaí na sraithe sinsearaí i bPobalscoil na Rosann le críochnú scoile trí léargas phraiticiúil a thabhairt dóibh ar an saol oibre. Mar chuid den nasc nuabhunaithe seo, beidh daltaí rannpháirteach sa chlár Skills @ Work. Séard atá i gceist sa chlar ná go mbeidh fostaithe deonacha ag obair le daltaí ar ullmhú CVanna agus scileanna agallaimh chomh maith le léargas a thabhairt dóibh, a bhuí do sessiún ar a dtugtar ‘Lá i Saol ...’, ar na cineálacha éagsúla jabanna atá ar fáil. Is tionscnamh de chuid ‘Gnó sa Phobal’ (BITCI) an nasc seo atá a éascú ag Comhpháirtíocht Ghnó na Scoileanna (SBP).

“Tá lúcháir mhór orainn de thairbhe go bhfuil an nasc úrnua seo bunaithe againn le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Cuideoidh an clár Skills @ Work, atá beartaithe ag Comhpháirtíocht Ghnó na Scoileanna, lenár gcuid daltaí tuiscint mhaith a fháil ar an cheangal atá idir oideachas agus na deiseanna a d’fhéadfadh bheith ar fáil sa todhchaí. Mar gheall ar an dáimhiúlacht a chruthófar le fostaithe ó ghnólacht áitiúil, gheobhaidh siad cuid mhór eolais ar shlite beatha difriúla agus cuirfear ar a súile dóibh cad é go díreach atá i gceist sna jabanna nó slite beatha éagsúla ó lá go lá. Cuirfidh sé ar a gcumas na gairmeacha a bhfuil spéis acu iontu a fhiosrú agus tabharfaidh sé sprioc dóibh le díriú uirthi i dtaca lena n-oideachas,” a dúirt John Gorman, Príomhoide Phobalscoil na Rosann.

“Fáiltíonn an LYIT go croíúil roimh an chomhpháirtíocht seo le Pobalscoil na Rosann d’fhonn tacaíocht a thabhairt dóibh sna blianta deireanach a bheidh siad ar an scoil. Bhí ár gcuid fostaithe go mór i bhfách lena seirbhísí a thairiscint go deonach don chlár cionn is go bhfeiceann siad é mar mhodh follasach chun rud éigin a thabhairt ar ais don phobal áitiúil agus don scoil áitiúil. Lena chois sin, táimid ag gríosadh fostaithe le bheith rannpháirteach siocair gur dóigh é inar féidir leofasan scileanna oibre áirithe a fheabhsú, macasamhail cumarsáid, neartú na foirniúlachta agus ceannaireacht.” a dúirt John Andy Bonar, Ceann na Forbraíochta, LYIT.

“Is cúis áthais do ‘Gnó sa Phobal’ fáilte a chur roimh an an ceangal seo, an dara nasc sa chontae don LYIT leis an líon méadaithe comhlachtaí atá rannpháirteach inár gcláracha agus aithnítear a dtiomantas don phobal áitiúil. Tig le nascanna idir ghnólachtaí áitiúla agus scoileanna buntáistí ollmhóra a bheith acu don dá dhream agus táimid ag tnúth le bheith ag cuidiú leis an LYIT agus Pobalscoil na Rosann ar mhaithe leis an chomhpháirtíocht seo a fhorbairt agus a fhás sna blianta amach romhainn.” Elaine McFadden, Comhordaitheoir Réigiúnach, BITCI Dhún na nGall.

Cuirfear tús leis an chlár Skills @ Work i bPobalscoil na Rosann sna seachtainí amach romhainn. Le linn na bliana, beidh fostaithe ón LYIT ag caint leis na daltaí fá na scileanna fíorshaoil atá de dhíth san ionad oibre, macasamhail scríobh CV agus ullmhú do agallamh. Reáchtálfaidh siad sessiún ‘Lá i Saol ...’chun cuidiú le daltaí an fiúntas a bhaineann le críochnú na hArdteistiméireachta a aithint, agus cabhróidh sé leo taiscéaladh a dhéanamh ar shlite féideartha beatha. Chomh maith leis sin, tabharfar na daltaí ar thuras go dtí an LYIT chun go bhfeicfidh siad dóibh féin na deiseanna gairme go léir atá ar fáil in earnáil an ardoideachais.

Maoinithe faoin Phlean Forbartha Náisiúnta , bhí sé mar aidhm ag Comhpháirtíocht Ghnó na Scoileanna 158 scoil iar-bhunoideachais in Éirinn a mheatseáil le gnó áitiúil, sprioc a baineadh amach sa bhliain 2009. Tá sprioc eile leagtha síos anois chun 40 scoil nua a nascadh le gnó áitiúil, nascanna ar cuireadh tús leo sa bhliain 2011.



Wed, 29 Feb 2012 11:58:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht