about-top.jpg

Saothar mic léinn ón LYIT taispeánta ar seó RTÉ, an Dragons' Den

Dearann mac léinn lógó do fhiontraí rathúil faoi choinne seó mór-ratha teilifíse.

Dragon's Den & Piotr Albrecht Is é Piotr Albrecht, mac léinn tríú bliana i ndearadh grafach san LYIT, a dhearaigh an lógó do ghnó nua-thionscanta a chonacthas ar seó mór-ratha RTÉ, an Dragons’ Den, ar an 6 Márta 2011. D’éirigh leis an chomhlacht, Watz Dat Party Box, infheistíocht de €25,000 a fháil ón seó agus fuair siad moladh mór mar gheall ar an phacáistíocht iontach a bhí ar a dtáirge.

Rinne an fiontraí, Maureen Donnelly, teagmháil ríomhphoist leis na mic léinn i Roinn an Dearaidh & na Meán Cruthaitheach san LYIT, ag iarraidh orthu lógónna a dhearadh dá smaoineadh gnó, Cóisir-i-mBosca. Chuir sí sonrú faoi leith i gcuid smaointe Piotr agus as sin d’fhás gaol gnó thar a bheith maith.

“Thug mé freagra ar ríomhphost Mhaureen ar an toirt siocair go raibh lúcháir agus gliondar orm an seans a fháil a bheith ábalta cuidiú léi. Chuir mé iarracht mhór isteach san obair ón tús agus choinnigh mé i dteagmháil leanúnach léi sa dóigh go bhféadfainn a bheith solúbtha agus cuidiúil ar mhaithe leis an dearadh a fhorbairt,” a deir Piotr.

Is ón Pholóinn ó dhúchas do Piotr ach bhog sé anseo lena theaghlach nuair a fuair a athair post i Leitir Ceanainn. Bhí dúil mhór aige i dtólamh san ealaín agus thug an cúrsa san LYIT, faoi choinne Baitsiléir Ealaíon i nDearadh Grafach, deis ar dóigh dó chun a chuid inniúlachtaí ealaíonta a fhorbairt.

 Mar thoradh ar chomh maith is a d’éirigh leis, tá tuilleadh oibre faighte cheana féin ag Piotr leis an suíomh http://www.deliverme.ie/  le cois tuilleadh oibre a bhuíochas do Mhaureen. Ach san am i láthair, tá aird Piotr dírithe ar na seachtainí deireanacha den chúrsa trí bliana agus tá súil aige leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir do Chéim Onóracha san LYIT an bhliain seo chugainn. Níl dabht ar bith ná go bhfuil gairm bheatha thar a bheith rathúil roimh an dearthóir éirimiúil seo san am amach romhainn.

 Chun seó an Dragon’s Den a fheiceáil, gabh go dtí:www.rte.ie/tv/dragonsden/s3ep3.html

Fortheideal: Piotr Albrecht, mac léinn i nDearadh Grafach san LYIT, leis an lógó a dhearaigh sé do Watz Dat Party, mar a chonacthas ar seó teilifíse RTÉ, an Dragons’ Den.

NASCANNA ÚSÁIDEACHA

Baitsiléir Ealaíon sna Meáin Dhigiteacha Chruthaitheacha
Baitsiléir Ealaíon (Onór.) i nDearadh Grafach



Fri, 10 Feb 2012 12:12:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht