Gradaim do mhic léinn ag IT Leitir Ceanainn
Bronntar 6 Scoláireacht Spóirt ar Cheannairí i gClubanna agus Cumainn in LYIT
Bronnadh gradaim do mhic léinn LYIT oíche Déardaoin seo caite ag Óstán Radisson SAS. Ba é príomhócáid na hoíche ná 6 scoláireacht a bhronnadh ar cheannairí Club agus Cumann, a bhfuil an-rath orthu san Institiúid. Tá an chlár um Chlubanna agus Cumainn ag fás go mór san Institiúid agus líon club agus cumann thar chuimse ag obair leo go gníomhach. Bhí an-chruth ar na hionadaithe club agus cumann a bhí i láthair don ócáid. Bhí seomra mór an Radisson lán go doras agus éileamh níos mó ar an oíche ná mar a bhí aon bhliain roimhe seo.
Bhí James Cullen, tiománaí áitiúil railí a bhuaigh Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall dhá uair, mar aoi speisialta ag an ócáid. Rinne James cion speisialta oibre ar son an Chlub Mótair san Institiúid agus tionchar nach beag aige ar oideachas agus oiliúint do thiománaithe sa chlub. Mar ómós speisialta do James, bhí Alan Tyndall, iar-thráchtaire railí i láthair agus thaispeáin sé fístéipeanna faoi imeachtaí railí agus mótarspóirt i nDún na nGall le 30 bliain anuas. Bhronn James Cullen 6 ghradam spóirt agus gradam foirne le haghaidh foireann ban CLG. Ina dhiaidh sin, bhronn Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, na Gradaim Scoláireachtaí Club agus Cumann.
Buaiteoirí Gradam na gClub 2011
An Club Nua is fearr 2011 – Club Diaibéiteach a bhunaigh Michelle Long. Club gníomhach é seo a bunaíodh mar thaca do mhic léinn a bhfuil diaibéiteas orthu. D’eagraigh Michelle feachtais feasachta agus turais a chuaigh go mór chun tairbhe dóibh siúd a ghoileann diaibéiteas orthu.
An Sárbhall Club 2011 – Jessica Conneely. Tá Jessica gníomhach sa Chlub Gaisce agus sa Chlub Curachóireachta ag LYIT le ceithre bliana anuas. Tá sí thar a bheith iontaofa agus an-chuiditheach maidir le reáchtáil na gClub ó lá go lá.
Gradam Cinnireachta 2011 – Philip Close. Tá Philip i gceannas an Chlub Fo-uisce le dhá bhliain anuas. Ceannaire dílis é agus thug sé suas a chuid saorama féin chun a chinntiú gur chríochnaigh cuid mhór mac léinn an tréimhse cuí uisce maidir le tumadóireacht.
An Club is Fearr ar an Iomlán – An Club Gaisce. Club seanbhunaithe san Institiúid is ea an Club Gaisce; spreagann sé daoine óga gradam a bhaint amach a bhfuil aitheantas ar fud an domhain air. Tá iarracht saorálaíochais agus díograis ag na baill, a bhuíochas san do Aisling Glackin agus Jessica Conneely. Is cóir tiomantas ó na baill foirne, mar Alfie O’Doherty agus Florence Blake, a aithint chomh maith.
Buaiteoirí Gradam Spóirt 2011.
Guillaume Detraz – imreoir fuinneamhach spreagúil sa chúirt a chuireann go mór le saothar na foirne Cispheile. Imreoir foirne é a imríonn go dian le seasamhacht agus dul ar aghaidh déanta aige maidir le scil sa spóirt.
Niamh McCarthy – imreoir cumasach Sacair agus Peile. Tá Niamh le moladh as a tiomantas spóirt le trí bliana anuas.
Declan Savage – bunchloch an Chlub Rugbaí le ceithre bliana anuas; gan trácht ar a chumas imeartha, is eagraí cruthanta é lasmuigh den pháirc agus eagraíonn sé don chlub ar an leibhéal comórtais.
Paddy O’Connor – ball den fhoireann Mhionúir Dhún na nGall le dhá bhliain anuas agus ina chaptaen ar an fhoireann faoi-21 i mbliana. Tá sé mar aidhm aige áit a bhaint amach ar Fhoireann Shinsir Dhún na nGall i gceann cúpla bliain.
Barry Croke O’Sullivan – cóitseálaí don fhoireann Cispheile Ban ag LYIT, a bhfuil an-tionchar aige. Threoraigh sé an fhoireann ar bhealach nua agus spreag sé iad chun an Chraobh Leath-Cheannais a bhua i mbliana.
Foireann na Bliana – Foireann Ban CLG, a bhuaigh Corn Mhic Donnchaidh i Sraith na nOllscoileanna i mbliana. Chruthaigh an fhoireann seo gur féidir le dream beag imreoirí, atá dílis agus díograiseach, dúshlán a thabhairt agus an bua a fháil ar chuid de na sár-fhoirne ollscoile.
Buaiteoirí na Scoláireachtaí 2011
Shane Mc Taggart – Agus é ag leanúint leis ón Ghradam Scoláireachta anuraidh, níor ghlac Shane go bog é; lean sé ar aghaidh sa Chlub Mótair, ag tacú arís le Turas na Fionlainne agus d’eagraigh sé scannán um Shábháilteacht ar Bhóithre a dhéanfar ar champas na hInstitiúide in Aibreán 2011. Ar chríochnú an scannáin seo, cuirfear é chuig an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, le taispeáint in Éirinn agus san Eoraip chun sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.
Enda McGrory – Ceannaire sa Chlub LGBT; bhí cumas eagraíochta Enda bunúsach chun áit an chlub seo a lonnú mar scéal buacach eile laistigh den Institiúid.
Jessica Conneely – Threoraigh Jessica a club chuig na cluichí ceathrú ceannais den Chraobhchomórtas Curachóireachta Idir-Ollscoile 2011. Chomh maith leis sin bhí sí an-ghníomhach maidir le cúrsaí comhshaoil; d’eagraigh sí an grúpa chun glantóireacht abhann a dhéanamh sa chomharsanacht.
Sharon McHale – Tar éis di dul i gceannas sa Chumann Dlí, dúshlán ann féin, choimeád sí clár seasamhach i bhfeidhm don chlub. D’eagraigh sí turais maidir le cláir iarchéime do na céimithe ceathrú bliana agus tá sé i gceist aici díospóireacht ilpháirtí ar champas a eagrú roimh dheireadh na bliana reatha acadúla.
Tá gradam tuillte go maith ag Róisín Gallagher; mar bhall den Chlub Mótair tá áit ríthábhachtach aici maidir le dul chun cinn an chlub ar an iomlán.
Bhí sé deacair ag Philip Close na ceannairí a chuaigh roimhe sa Chlub Fo-Uisce a leanúint. Lean sé leis an ról sin agus chuir sé leis; le béim ar athoiliúint agus ar eagraíocht, threoraigh sé an Club ar bhealach nua agus chuir sé le líon na mball ag an am céanna.
Buaiteoir ámharach
Ba í Vanessa O’Rourke, ball de Chlub CLG na mBan, a bhuaigh an Crannchur Mór – duais ón Óstán Radisson SAS le haghaidh saoire dhá oíche san Óstán agus Spá Radisson SAS i Luimneach.
Tue, 31 Jan 2012 12:07:00 GMT


