Tugann Gnólachtaí Áitiúla Céimeanna um Thodhchaí Geal do Mhic Léinn
Cuireann Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Pobalscoil Charn Domhnach críoch le bliain rathúil tosaigh den Schools’ Business Partnership
Tá áthas ar an Schools’ Business Partnership a fhógairt inniu go bhfuil críoch curtha ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn leis an bhliain rathúil tosaigh sa chlár Skills @ Work le haghaidh na mic léinn i bPobalscoil Charn Domhnach. Thug an tionscnamh léargas grinn ar an saol gnó do mhic léinn shinsearacha ó Phobalscoil Charn Domhnach agus is cuid é den chlár Schools’ Business Partnership a ritheann Business in the Community Ireland (BITCI).
Le linn an chláir bhliana, thug baill foirne ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn sraith cainteanna faoi ‘Lá i Saol…’ agus faoi chúlra na heagraíochta; ritheadar ceardlanna um CV cuimsitheach a chur le chéile agus dea-scileanna agallaimh a fhorbairt. Tugadh na mic léinn ar cuairt chuig Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus chonaiceadar na deiseanna gairme atá ar fáil sna hearnála oideachais, TC, gnó, altranais, dlí agus airgeadais; ag Colab fuaireadar léargas ar an aonad cothaithe fiontair agus a fheidhmiú ar chomhlachtaí ceannródaíocha teicneolaíochta.
Dúirt John Andy Bonar, Ceann Forbartha, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn: “Tá áthas ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn leanúint i gcomhpháirtíocht le Pobalscoil Charn Domhnach. Thug na baill foirne againn ardtiomantas don chlár le linn na bliana seo. Is taithí luachmhar dóibh é tógáil foirne agus scileanna idirphearsanta agus cumarsáide a fhorbairt chomh maith le mórtas, luach agus sásamh oibre a bhraith.” Dúirt Brendan Boyle, Comhordaitheoir LCVP Coordinator, Pobalscoil Charn Domhnach: “Is léir tionchar an tionscnaimh seo ar na mic léinn ón chéad lá, músclaíonn sé suim na mac léinn agus spreagann sé iad chun dianoibre ar a gcuid staidéar. Comhpháirtíocht luachmhar é don scoil le linn na bliana seo.”
Dúirt Elaine McFadden, Comhordaitheoir Réigiúin – Dún na nGall., BITCI: “Aithníonn BITCI an tacaíocht leanúnach a thugann Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn don chlár, don scoil agus don phobal i gCarn Domhnach, Inis Eoin. Tá críoch rathúil curtha anois ar an bhliain tosaigh comhpháirtíochta idir Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Pobalscoil Charn Domhnach; is sampla é den tiomantas acu scileanna agus smaointe na mac léinn a thacú agus a chur chun cinn, chun cuidiú leo ullmhú don saol gairme a mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as. Téann an tiomantas agus an t-idirghabháil seo chun sochair na scoile agus bíonn tionchar leathan aige ar an phobal áitiúil. Is léiriú iontach é ar fhreagracht chorporáideach eagraíochta.”
Maoiníonn na gnólachtaí rannpháirteacha an Schools’ Business Partnership le comhaoiniú ón ROS faoin Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN).
Fri, 27 Jan 2012 09:20:00 GMT


