about-top.jpg

Caighdeáin arda leagtha síos ag Céim Nua Cuntasaíochta san LYIT

Tá céim Onóracha nua 3 Bliana sa Chuntasaíocht fógraithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Accounting Masterclass_1Tá céim onóracha nua 3-bliana sa Chuntasaíocht fógraithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, céim a ofrálann díolúintí móra ó na comhlachtaí cuntasóireachta proifisiúnta de bharr a ardchaighdeán. “In ainneoin go bhfuil géarchéim dhúshlánach eacnamaíoch ann san am i láthair, tá éileamh láidir i gcónaí do chéimithe maithe  cuntasaíochta agus airgeadais,” a dúirt Rónán Ó Lochlainn, Stiúrthóir Oideachais agus Oiliúna, Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, le linn do a bheith ag tabhairt cainte  ar na mallaibh do na mic léinn atá ag staidéar do Chéim Mháistir sa Chuntasaíocht san LYIT. “Tá an Chéim Onóracha nua 3-bliana sa Chuntasaíocht ina forbairt shuntasach don LYIT,” a dúirt Billy Bennett, Ceann na Scoile Gnó, “Is féidir le daltaí Ardteistiméireachta a bhfuil cinntí dheacra le déanamh acu i láthair na huaire i ndáil le roghanna cúrsa tríú leibhéil, is féidir leo anois gairm bheatha i gcuntasóireacht a roghnú a bhuí do chlár céime onóracha 3-bliana ag Leibhéal 8. Tá an Chéim Onóracha nua 3-bliana seo (CAO: LY108) agus an Chéim Mháistir sa Chuntasaíocht dírithe go láidir ar na scrúduithe cuntasaíochta proifisiúnta agus ceadaítear díolúintí móra ó na comhlachtaí cuntasóireachta proifisiúnta - ACCA, Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus CPA”.

Accounting Masterclass_2Agus é ag labhairt le cuntasóirí an lae amárach ag seoladh Céim Onóracha nua 3-bliana sa Chuntasaíocht san LYIT, mhol Rónán Ó Lochlainn an chionroinnt luachmhar a dhéanann an choláiste dóibh siúd atá ar lorg cáilíochtaí cuntasóireachta: “Aithníonn Institiúid na gCuntasóirí Cairte an chionroinnt a dhéanann cuid clár an LYIT do réigiún an Iarthuaiscirt maidir le mealladh agus forbairt na scileanna atá riachtanach do chéimithe Bunchéime agus Céime Máistir i gCuntasaíocht a théann ar aghaidh chun a gcuid cáilíochtaí i gcuntasóireacht phroifisiúnta a bhaint amach. Tá an Chéim Mháistir san LYIT ar cheann amháin de 10 clár ceadaithe atá dírithe ar sholáthar díolúintí iomlán d’iarrthóirí dár scrúduithe proifisiúnta díreach roimh na scrúduithe deireanacha. Is gnéithe an-tábhachtacha iad an fhoireann agus na háiseanna san LYIT chun a chinntiú go n-éireoidh go maith libh”.

Chuir an tUasal Ó Lochlainn béim ar an ról luachmhar atá ag na Cuntasaóirí Cairte sa ghéarchéim eacnamaíochta seo, ag rá go raibh a gcionroinnt ríthábhachtach do rathúlacht na ngnólachtaí beaga agus na mgnólachtaí móra araon. Is iomaí cineál post a bhíonn ag Cuntasaóirí Cairte i gcomhlachtaí, ní amháin sna rannáin airgeadais ach fosta i mBainistíocht, Acmhainní Daonna agus FT, agus is cuntasóirí cáilithe iad mórán de na Príomhfheidhmeannaigh.

Faoi choinne tuilleadh eolais ar na Céimeanna nua Cuntasaíochta san LYIT, tabhairt cuairt ar an suíomh www.lyit.ie/courses/business/ nó déan teagmháil leis an Roinn Staidéar Gnó ag 074 9186211.



Thu, 26 Jan 2012 14:42:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht