Foireann LYIT ag tógáil ón bhonn
Cabhraíonn mic léinn Altranais LYIT le tithe a thógáil sa tSaimbia
Chuaigh grúpa 5 mac léinn agus léachtóir ón Roinn Altranais & Staidéar Sláinte ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) chun an tSaimbia le déanaí, áit a rabhadar ag obair ar thionscadal chun tithe a thógáil. Seo an dara uair a chuaigh foireann ó LYIT mar chuid den Global Village Build le Habitat for Humanity (HFH) Ireland. “Ní amháin gur tógadh tithe a bhí riachtanach ach snaidhmeadh cairdeas le pobal Kanike,” dúirt eagraí agus léachtóir Mary Dunnion ó LYIT. “Bhaineamar an oiread sin as lúcháir agus sonas na ndaoine a fheiceáil agus as an tionchar agus an dóchas don todhchaí a thug an teach dóibh.”
I mí an Mheithimh thaisteal an grúpa go Kanike, ceantar gar do Ndola i dtuaisceart na Saimbia, cóngarach don teorainn leis an Chongó. Ceantar fíorbhocht é; is dílleachtaí de dheasca SEIF(AIDS) iad cuid mhór de na páistí agus cónaí orthu lena sean-thuismitheoirí i dtithe a bhfuil drochbhail orthu. “Le tacaíocht ó HFH Zambia, tá coiste díograiseach sa phobal áitiúil a chuidíonn le pleanáil, a fhaigheann ábhair thógála agus a roghnaíonn na teaghlaigh a bhfuil tithe de dhíth orthu,” mhínigh Mary. “Ba é seo an chéad uair a bhí foireann Global Village ó HFH ag obair sa phobal ansin agus ba phribhléid dúinn é cónaí imeasc muintir an bhaile ar feadh coicíse.”
Ag cur síos di ar an áit ar fhan foireann LYIT ann, dúirt Mary Dunnion, “Chuir na teaghlaigh áitiúla an-fháilte romhainn agus roinn siad linn an beagán a bhí acu. Baile an-iargúlta é gan uisce reatha ná leictreachas agus codlaíonn cuid mhór de na daoine ar an urlár. Réitigh na mná áitiúla na béilí ar fad dúinn agus b’éigean dóibh uisce a tharraing chun an bhaile ó thobar a bhí tamall maith uathu. Is iontach a fheiceáil chomh seiftiúil atá na daoine seo agus chomh maith as agus atáimid in Éirinn.”
Ag labhairt di faoin obair a thug an fhoireann LYIT chun críche, dúirt Mary, “Iarracht pobail a bhí ann. Chuidigh gach duine leis an obair – lucht tógála, ceardaithe, fir agus mná ón bhaile agus ar ndóigh, na teaghlaigh a bhí le dul isteach ins na tithe nua.”
“Chuaigh an obair thógála ar aghaidh idir 0800 agus 1600 uair agus chuamar ar ais abhaile tar éis obair an lae. Tháinig an oíche go tobann timpeall 1745 uair agus ó bhí an geimhreadh ann thit an teocht go tobann ó 29⁰C go timpeall 5⁰C. Chaitheamar an tráthnóna cois tine sa champa; bhíodh na daoine áitiúla ag casadh amhrán, ag insint scéalta agus bhímis ag imirt cluichí leis na leanaí. Chuireamar an-eolas ar chultúr na háite agus ar theanga agus nósanna na ndaoine. Bhí suim acu san chomh maith i saol, teanga agus cultúr na hÉireann.”
“Is álainn an tír í an tSaimbia, in ainneoin go bhfuil ceantair ann atá fíor-bhocht gan tithíocht ceart ar fáil. Sé an pobal an seod is luachmhaire sa tír; tá siad fial, fáilteach agus cairdiúil. Ba mhór an onóir dúinn cuidiú leis an global village build agus coicís a chaitheamh sa phobal álainn croíúil seo,” dúirt Mary Dunnion.
Thug an grúpa ó Dhún na nGall cuairt freisin ar ionad sláinte agus scoil sa cheantar; fuair siad léargas ar cheisteanna sláinte, tithíochta agus oideachais agus ar an scrios agus cailliúint bheatha a thagann de dheasca na bunriachtanais sin a bheith in easnamh.
Míníonn Mary, “Mar shampla, sa bhunscoil tá 1379 dalta ó sé go 19 mbliana; tá brú mór sna seomraí ranga agus níl aon mheánscoil sa cheantar. Tá daonra 10,564 ag brath ar an ionad sláinte agus 50-70 duine in aghaidh an lae ag teacht ann. Tá altra sa chlinic ach níl aon dochtúir ann. Pléann foireann bheag an chlinic le réimse leathan ceisteanna sláinte – ar a bhfuil cúram máthar agus leanaí, VEID (HIV) chomh maith le géarchéimeanna agus breoiteachtaí mar maláire.”
San fhoireann LYIT bhí altraí foghlama Rita Logue, Fiona Sammin, Niamh Walsh agus léachtóirí Kevin O’Brien agus Mary Dunnion. Gabhann an fhoireann buíochas dá gclann agus dá gcairde agus do gach duine a chabhraigh leo san ullmhúchán agus san tiomsú airgid don turas tábhachtach seo. Chruthaigh sé athrú saoil do dhá theaghlach sa cheantar iargúlta seo den tSaimbia.
Wed, 08 Feb 2012 10:26:00 GMT


