Ceolchoirm Altan san LYIT ar an 8 Deireadh Fómhair
Bí páirteach sa chomóradh 40 bliain le ceiliúradh speisialta ceolchoirme ó ALTAN
Beidh Altan in éineacht le haíonna speisialta, Ceolfhoireann Óige Dhún na nGall agus ceoltóirí óga traidisiúnta ó Ghaeltacht Dhún na nGall, beo ar stáitse sa Dánlann ar an tSatharn, 8 Deireadh Fómhair, mar chuid de chomóradh 40 bliain an LYIT.
Is cinnte gur oíche siamsaíochta ar fheabhas a bheas ann, le ceol agus cultúr den chéad scoth. Tar agus bí páirteach le hAltan sa cheiliúradh. Le háit a chur in áirithe, déan teagmháil le hAmharclann an Ghrianáin ag an uimhir, 074 9120777.
NASCANNA ÚSÁIDEACHA
Breathnaigh grianghrafanna ón cheolchoirm.
Léigh fá ócáidí ceiliúrtha an chomóraidh 40 bliain.
Fri, 10 Feb 2012 12:08:00 GMT


