about-top.jpg

Ceiliúrann IT Leitir Ceanainn 40 Bliain

Ceiliúrann IT Leitir Ceanainn 40 bliain ag seachadadh oideachais tríú leibhéal.

Mary McAleese 2 Ceiliúrann IT Leitir Ceanainn 40 bliain ag seachadadh oideachais tríú leibhéal. As Coláiste Réigiúnach i 1971 d’fhás Institiúid Teicneolaíochta nua-aoiseach a fhreastalaíonn ar riachtanais tionscail agus a thugann do mhic léinn na scileanna atá de dhíth orthu chun dul ar aghaidh sa tsaol. Láthair aithnidiúil í LYIT, áit a spreagtar samhlaíocht agus a thagann bláth ar ardmhianta.

Tá rath ar LYIT inniu mar thoradh ar chomhoibriú idir oideachasóirí, tionsclóirí, mic léinn agus an pobal ar fud Éireann agus na hEorpa; dóibh siúd uile gabhaimid ár mbuíochas.

Sugarcraft Féachaimid ar aghaidh agus sinn ag foghlaim ón dul chun cinn atá déanta chun freastal ar na mic léinn againn. Leanfaimid orainn ag obair i gcomhpháirt le lucht tionscail, ag cothú comhaontas le hollscoileanna, ag baint feidhm as teicneolaíocht nua chun oideachas a lonnú sa phobal agus ag cuardach bealaí nua cumarsáide.

Tiocfaidh dúshláin nua san daichead bliain atá romhainn agus beidh LYIT réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Seo linn chun bóthair.40th book launch

 

 

 

NAISC ÚSÁIDEACHA



Thu, 26 Jan 2012 12:35:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht