Rath mór ar Rothaíocht Charthanachta Campas go Campas
Tuilleann rothaíocht charthanachta LYIT €10,580 le haghaidh carthanachtaí ailse
Tuilleadh €10,580, i gcabhair ar Breast Centre North West agus an Ciste Oinceolaíochta/Haemaiteolaíochta ag Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, de thoradh ar rothaíocht charthanachta campas-go-campas a d’eagraigh LYIT.
I mbliana, ghlac breis agus 120 duine – baill foirne, mic léinn agus cairde – páirt san rothaíocht urraithe carthanachta 85 chiliméadar ó champas na Scoile Turasóireachta ar Na Cealla Beaga chuig Campas Leitir Ceanainn ar an Satharn, 9 Aibréan 2011. Méadú 50% é seo ar an méid a ghlac páirt sa chéad rothaíocht anuraidh.
Bhí daoine i ngach aois páirteach agus cé nár thosaigh cuid acu ag rothaíocht ach le déanai d’éirigh leo an cúrsa a chríochnú. Bhí an aimsir ar fheabhas ach chruthaigh leoithne láidir gaoithe thart faoi Bhaile na Finne agus Mín an Fhir Rua dúshláin do na tosnóirí.
Bhain gach éinne sult as an lá in ainneoin na bpianta a bhí flúirseach go leor. Mhol cuid de na rothaithe an bealach maith inar stiúradh imeachtaí an lae, a bhuíochas san go mór do na daoine a thug suas cuid mhór ama chun an cúrsa a mhaoirsiú, ceapairí a dhéanamh, gníomhú mar chúntóiri céadchabhrach agus na rannpháirtithe a ghríosadh ar aghaidh.
Mar adúirt rothaí traochta amháin: “Bhí lá iontach againn agus bhí an craic go hárd. Léiríonn sé gur féidir leat difríocht sa phobal a dhéanamh má oibríonn gach éinne as láimh a chéile ar son dea-chúise – agus is féidir sult a bhaint as ag an am céanna !”
Féach na pictiúirí rothaíochta ar an leathanach Facebook againn Facebook .
Teideal pictiúir:
Bhronn foireann LYIT seic dar luach €10,580 i gcabhair ar Chiste Oinceolaíochta/Haemaiteolaíochta agus Breast Centre North West ag Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, tar éis do bhaill foirne, mic léinn agus cairde airgead a bhailiú ar rothaíocht charthanachta canpas-go-campas ar 9 Aibreán 2011. Ar chúl (ó chlé): Austin Sammon (LYIT), Maeve Carr (LYIT), Una Cronin (LYIT), Martina Quinn (LYIT), Sharon Curran (HSE) agus Alfie O’Doherty (LYIT). Chun tosaigh (ó chlé): Sheila King (LYIT), Ciara McCracken (HSE), Geraldine MacGregor (FSS), Noreen Harley (FSS) agus Evelyn Smith (FSS). As láthair ón phictiúr tá baill foirne LYIT, Tommy Doherty agus Sean Grant.
Thu, 26 Jan 2012 14:27:00 GMT


