Coicís um Chothú Folláine
Spreag mic léinn Forbartha Spóirt foireann LYIT chun sláinte
Chríochnaigh mic léinn 4ú bliana Forbartha agus Cóitseála Spóirt ag LYIT an Choicís um Chothú Follaine, ina raibh baill foirne páirteach in imeachtaí chun sláinte, folláine agus slí bheatha ghníomhach a chothú, agus ag an am céanna airgead um chúiseanna carthanachta a thuilleamh.
Chríochnaigh an choicís bhroidiúil le tráth na gceist boird ar 6 Aibreán in Arena 7. In iomlán tuilleadh €470 le haghaidh Taighde Ailse agus €105 le haghaidh Ospís Dhún na nGall.
Sheol Sinéad Jennings, rothaí agus curadh rámhaíochta domhanda, an tionscnamh, ag cur béime ar chomh tábhachtach atá sé cothromaíocht oibre is saoil a choimeád. Labhair Sinéad leis na mic léinn agus na baill foirne ar a taithí féin, ag iarraidh a saol, an obair, an staidéar agus an lúthchleasaíocht ar leibhéal ard a choimeád i gothrom a chéile.
I dteannta bheith ina rothaí agus curadh rámhaíochta domhanda, tá Sinéad cáilithe mar phoitigéir agus mar dhochtúir. Agus anois ó rugadh a hiníon Clodagh is máthair í chomh maith. Tá sí ag tabhairt aghaidh ar Chluichí Oilimpeacha Londain 2012 mar bhall foirne i dTóraíocht Rothaíochta na mBan. Bhí a caint agus scéal a saoil mar inspioráid do na mic léinn agus na baill foirne araon.
Chuir mic léinn LYIT an chaint i ngníomh le clár imeachtaí mar chuid den mhodúl cúrsa Health and its promotion. Chuir an clár le heolas ar thábhacht na haclaíochta agus thaispeáin sé gur féidir leis bheith éasca agus sultmhar mar chuid den ghnás laethúil.
Dhírigh ceithre foireann mac léinn ar ghrúpaí áirithe foirne laistigh de LYIT, ag eagrú imeachtaí lóin agus tráthnóna dóibh. Orthu san bhí siúlóidí/rití 3/4/5K, rianadóireacht timpeall an champais, dúshláin falladóireachta laistigh agus sraith cainteanna ar roghanna beathaithe agus bealaí chun plé le strus. Bhí béim mhór ar ghné shóisialta rannpháirtíochta agus sult a bhaint as aclaíocht.
Is aidhm le Cothú Follaine a léiriú gur féidir aclaíocht agus bia folláin a shníomh isteach go héasca i ngnásanna an lae – fiú amháin i saol bhroidiúil an lae inniu. Is féidir an-difríocht a dhéanamh do shláinte coirp agus aigne ach 30 neomat in aghaidh an lae a chaitheamh le haclaíocht de shaghas éigin.
Thu, 26 Jan 2012 13:44:00 GMT


