Casadh Nua ar Lóin Charthanachta LYIT
Óstálfaidh Scoil Turasóireachta LYIT lóin charthanachta i gcabhair ar Spina Bifida agus Rehab.
Óstálfaidh Scoil Turasóireachta LYIT dhá lón carthanachta ar 6 agus 7 Aibreán i gcabhair ar Spina Bifida agus Rehab, sa bhialann oiliúna nuálaíoch ar Champas na gCealla Beaga.
Mar chuid dá staidéir ar an Total Immersion Cookery Programme (TICP) caithfidh dhá ghrúpa mac léinn bialann a rith ar láthair ‘réalaíoch’ – cláir iomlán lóin a chócáil ar ordú le feidhm a bhaint as táirgí áitiúla den scoth agus iad a chur i láthair le seirbhís ar ardchaighdeán.
Ag tógáil ar rath na lón carthanachta ag an Scoil Turasóireachta anuraidh, beidh crannchuir ar an dá ócáid; ar na duaiseanna beidh geansaithe peile sínithe ó Everton, Dún nGall, Celtic agus Finn Harps; saoire deireadh seachtaine do bheirt i gCill Chainnigh; magnum Champagne; agus réimse cístí Cásca.
Rachaidh an t-airgead ón lón ar an Chéadaoin 6 Aibreán chuig carthanacht áitiúil Spina Bifida. Rachaidh an lón ar an Déardaoin 7 Aibreán chun sochair na heagraíochta Rehab i gCo Dhún na nGall. Tá an ócáid seo mar chuid den fheachtas náisiúnta ‘One Day for Rehab’. Beidh ionadaithe ón dá charthanacht i láthair ag na himeachtaí.
Roimh na lóin beidh fáiltiú deochanna ar 12 nóin sa tSeomra Mílaoise den Bhialann Oiliúna ar Champas na gCealla Beaga.
Tá líon na náiteanna teoranta; caithfear áirithintí a dhéanamh le Pauline Gavigan ag an Scoil Turasóireachta ar (074) 9186612 ar nó roimh 5 Aibreán.
Sa phictiúr nuair a seoladh Lóin Charthanachta 2011 na Scoile Turasóireachta LYIT, i dteannta foghlaimeoirí ón chlár cócaireachta TICP tá: Pat Shine, Alan Lafferty Coiste Áitiúil Spina Bifida; Michael Carty, Tiomsaitheoir Airgid Phobail Rehab; Deirdre McCole, Ceann na Roinne Gaistranamaíochta agus Ealaíona Cócaireachta; agus Dr Seán Duffy, Ceann na Scoile Turasóireachta.
Mon, 30 Jan 2012 11:52:00 GMT


