Working for Peanuts
Oibríonn mic léinn LYIT le mic léinn ó San Francisco chun gearrscannán a dhéanamh
D’oibrigh mic léinn beochana ag LYIT i gcomhar le mic léinn as Ex’Presssion College for Digital Arts (San Francisco) chun gearrscannán beochana idirnáisiúnta a chruthú. Tharla sé seo mar chuid de thionscadal nuálaíoch Internet Whispers, a sheol Cinemagic International Film & Television Festival for Young People, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, nios luaithe i mbliana.
Tá sé seo ar siúl ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus ag Ex’Pression College for Digital Arts le trí mhí anuas. Dé Máirt, 29 Márta 2011, taispeánfar don chéad uair an scannán beochana críochnaithe Working for Peanuts ag LYIT. Le héascú ó Cinemagic, rinne foirne ceardlanna ó Leitir Ceanainn agus San Francisco naisc idirghníomhacha trí Nasc Ardluais Idirlín chun ealaín íomhánna reatha a chruthú. Bhí an-rath ar an tionscnamh agus tá caidrimh nua idirnáisiúnta tugtha chun cinn.
Dúirt Joan Burney Keatings, Príomhfheidhmeannach Cinemagic, "Bhí áthas orainn oibriú le daoine óga as Leitir Ceanainn, agus ligint dóibh cumarsáid chomhtháite a dhéanamh le mic léinn eile i San Francisco trí feidhm a bhaint as teicneolaíocht digiteach. Le tacaíocht luachmhar ón Oifig um Ealaín Phobail ag Comhairle Contae Dhún na nGall, bhi deis ag na daoine óga gearrscannán beochana dá gcuid féin a chruthú agus scileanna a thabhairt chun cinn maidir le comhoibriú foirne, tarmligean, réiteach fadhbe agus cumarsáid. Tá baill uile an tionscadail ag tnúth leis an ócáid léirithe ar 29 Márta.”
Dúirt Terre Duffy, Bainisteoir um Ealaín Phobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, “Is deis iontach í seo chun obair nua a chruthú agus chun comhoibriú le páirtnéirí i nDún na nGall agus go hidirnáisiúnta ar thionscadal nuálaíoch atá ar imeall na teicneolaíochta. Tugann Internet Whispers deis ar leith do na mic léinn againn nascáil le gairmithe tionscail agus léargas a fháil ar an saol réalaíoch beochana.”
Ghlac na mic léinn i Leitir Ceanainn agus i San Francisco páirt i gceardlanna trí lá gach mí, arna éascú ag Alastair McIlwaine (Straandlooper) agus Cinemagic. Chruthaigh na mic léinn Éireannacha an chéad chuid den bheochan eisiach seo i mí Eanáir 2011. Le naisc ardluais idirlín thionóladar seimineár fíorama i mí Feabhra chun an obair a thabhairt ar aghaidh chuig beochantóirí óga San Francisco. Le linn Féile Cinemagic USA, d’oibrigh mic léinn ó San Francisco leis an éascaitheoir Cinemagic chun an chuid deireannach den ghearrscannán beochana idirnáisiúnta a chruthú, dar teideal Working for Peanuts.
Ag obair i gcomhar le chéile, chruthaigh na mic léinn scannán a bheidh mar inspioráid maidir le teorainn a thrasnú, bíodh siad fíor nó íomhách. Toradh inbhraite é ar oibriú le daoine óga as cúlraí éagsúla ar chomhchuspóir.
Is aidhm don tionscadal seo Dún na nGall a léiriú mar ionad feabhais inrochtaine trí saothar idirnáisiúnta a chruthú, cumas áitiúil Dhún na nGall a thaispeáint agus daoine óga as tíortha, pobail agus cultúir éagsúla a thabhairt le chéile.
Dúirt Aideen Doherty, Oifig Scannán Dún na nGall, "Taispeánfaidh Internet Whispers do ghairmithe tionscail go bhfuil Dún na nGall ullamh chun ghnó. Mar chontae cruthaitheach tá cumasacht sna daoine óga againn ar chomhchaighdeán le háit ar bith sa tír. Ní ceist feasta é comhcheangailteacht leis an domhan lasmuigh agus is féidir leis an contae cáilíocht saoil a thairiscint do dhaoine óga gur mian leo fanacht anseo agus oibriú sa ghairm seo.”
Taispeánfar an scannán don chéad uair ag LYIT Dé Máirt, 29 Márta 2011, ag 5 pm. Taispeánfaidh Cinemagic an scannán ag féilte in Éirinn, sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe i gcaitheamh na bliana seo chugainn, rud a léireoidh cumas áitiúil ar stáitse idirnáisiúnta.
Wed, 08 Feb 2012 11:32:00 GMT


