about-top.jpg

Tugann mic léinn iar-bhunscoile Dhún na nGall cuairt ar LYIT

Faigheann mic léinn eolas ar shaol an choláiste

School Visits Thug mic léinn iar-bhunscoile Dhún na nGall cuairt ar LYIT le déanaí chun blas a fháil ar staidéar tríú leibhéal agus suim a spreagadh in ábhair éagsúla. Ócáid bhliantúil í seo a bhfuil éileamh níos mó air gach bliain ó mhúinteoirí agus ó mhic léinn iar-bhunscoile.

Tháinig 20 mac léinn as deich scoil ar fud an chontae; chaitheadar cuid mhór den lá sa choláiste agus bhí deis acu freastal ar sheisiúin uaire sa Ríomhaireacht, Altranas, Eolaíocht agus Innealltóireacht.

Dúirt Rosaleen Grant, Treoirchomhairleoir ag Scoil Mhuire, Bun Chranncha, gur bealach an-dearfach iad na cuairteanna do mhic léinn agus do mhúinteoirí chun taithí ar an láthair a fháil ar LYIT. “Tugtar buneolas maith do na mic léinn ar na réimsí ábhar a chlúdaítear agus léargas ar ábhar na gcúrsaí. Dá thoradh seo is féidir leo rogha bunaithe ar eolas a dhéanamh agus an fhoirm LOI á líonadh amach acu.”

Seisiúin idirghníomhacha a bhí i gceist; mar shampla, sa ríomhaireacht bhí seans ag na mic léinn leathanach Gréasáin a dhearadh, chun a léiriú gur féidir le ríomhchlárú a bheith idir éasca agus cruthaitheach. San eolaíocht, bhíodar ins na saotharlanna chun comhdhéanamh bianna éagsúla a scrúdú; san altranas, bhí seans acu deiseanna gairme a fhiosrú.

Dúirt Helen McMahon, an léachtóir LYIT a eagraíonn na seisiúin, “Bíonn an-éileamh gach bliain ar na cuairteanna scoile. Baineann na mic léinn an-eolas astu agus bíonn aiseolas an-dearfach uathu i gcónaí. Is mó duine nár thuig roimhe seo réimse agus leibhéal na gcúrsaí anseo ag LYIT agus chuireadar suntas ins na háiseanna nua-aoiseacha ata ar fail sa champas.”

Sa phictiúr le linn na gcuairteanna (ó chlé): Helen McMahon (LYIT), Finbarr Dunwoody (LYIT), Joe Gallagher (Coláiste Eunáin, Leitir Ceanainn), Tony Carr (LYIT), Angela Sweeney (LYIT), Gearóidín Brady (Coláiste na Daoile, Rath Bhoth), Maurice Murray (LYIT), Rosaleen Grant (Scoil Mhuire, Bun Chranncha), Maureen O’Neill (LYIT), Dr Gertie Taggart (LYIT), Dr Anne Nelson (LYIT), and Dr Garret Farrell (LYIT).



Thu, 26 Jan 2012 14:22:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht