about-top.jpg

Seolann Brian Friel Leabhar faoi Imeacht na nIarlaí

Seolann Brian Friel, drámadóir, stiúrthóir amharclainne agus scríobhneoir, leabhar staire agus litríochta faoi Imeacht na nIarlaí

Flight of the Earl Launch Group Ar 6 Aibrean 2011, sheol Comhairle Contae Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Ollscoil Uladh an foilseachán The Flight of the Earls/Imeacht na nIarlaí ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Ba é Brian Friel, drámadóir, stiúrthóir amharclainne, údar agus Conallach na Bliana 2010 a sheol an leabhar iontach staire agus litríochta seo.

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall imeachtaí comórtha a thosú agus a chomhordú le linn 2007 agus 2008 chun cothrom 400 bliain Imeacht na nIarlaí a chomóradh. I gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Ollscoil Uladh, thugadar coimisiún don Dr Éamonn Ó Ciardha, David Finnegan agus Marie-Claire Peters eagarthóireacht a dhéanamh ar imleabhar páipéirí ó thrí mhórchomhdháil a tionóladh le linn na gcomórthaí seo.

FlightEarls BF & JH Tiomsú críochnaitheach é The Flight of the Earls/Imeacht na nIarlaí ar 33 alt ó acadóirí tosaigh idirnáisiúnta a d’eascair as na comhdhálacha dhátheangacha idirnáisiúnta a tháinig le chéile mar chomóradh ar an ócáid lárnach seo i stair Uladh, na hÉireann, na Breataine agus na hEorpa. Tugann an t-imleabhar idirdhisciplíneach seo anailís chuimsitheach ar an Imeacht – comhthéacsanna, cúiseanna, cúrsa, torthaí agus comórthaí.

Is cuí go ndéanfaí an leabhar seo, a chlúdaíonn gach gné den ócáid chinniúnach seo i nuastair mhoch agus nualitríocht mhoch na hÉireann, a thiomnadh don Dr Brendan I Bradshaw agus don Ollamh Breandan Ó Buachalla (nach maireann); beirt scoláire iad seo a rinne saothar réadach maidir le nuastair mhoch, staireolaíocht agus léirmheas litríochta na hÉireann, saothar a bhí mar inspioráid ag na heagarthóirí agus ag cuid mhór de na scríobhneoirí sa leabhar seo.

FlightEarls Speaker 1Imleabhar gleoite cáscheangailte é The Flight of the Earls/Imeacht na nIarlaí – lándaite ar fad agus léirithe go flúirseach le mapaí agus íomhánna



Thu, 26 Jan 2012 13:58:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht