As LYIT Buaiteoir Dragon Factor Dhún na nGall
Buann Mac Léinn Gnó as LYIT Dragon Factor Dhún na nGall
In aois 25 bliana dó agus i lár an chúlú eacnamaíochta is measa le fada, is mian le Aidan Robb as Cúl Droma, An Carraigín, gnó a thosú. Tá sé sa 2ú bhliain (Staidéar Gnó) ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus é mar aidhm aige riamh dul i mbun gnó dó féin. Ach seans go dtiocfaidh an tuar faoin taibhreamh anois. Bhuaigh Aidan an comórtas tosaigh Dragon Factor ata á chur chun cinn ag Grúpa Pobail agus Fiontair an Chraoibhín, san Tearmann, Co Dhún na nGall.
Chuaigh seachtar fiontraí áitiúil in aghaidh a chéile sa bhabhta deiridh ar 4 Márta ar son duaiseanna dar luach €10,000. Bhí painéal seachtar, ón lucht gnó áitiúil, mar mholtóirí ach ba ag an lucht féachana 200 duine a bhí an focal deiridh. Bhí Joanne Sweeney-Burke ó Media Box i gceannas na hócáide.
Chuaigh Aidan i gcion ar na Dragons lena chumas gnó, a réimsé eolais táirge agus an smaoineamh nuálaíoch aige chun goid san tionscal tarlaithe a laghdú. Córas rabhaidh é Cargo Defenders um ghoid lastais a iompraítear ar leantóirí taobhluchtaithe a laghdú. Deir Aidan gur "mórfhadhb é goid lastais san AE. De réir tuairisc ó phárlaimint na hEorpa meastar gur cailleadh luach €8.2 billiún ar fud na hEorpa in 2007.”
Fuair Aidan €2,000 de thúschaipiteal; ríomhaire glúine agus cló-inneall; comhairle um margaíocht digiteach agus caidreamh poiblí ó Media Box; suíomh gréasáin agus cothabháil bliana ó Town.ie; sraith stáiseanóireachta ó Sharp Design; seirbhísí airgeadais agus dlí ó Oifig Thart; áit ar chúrsa Start Your Own Business ó Bhord Fiontar Contae Dhún na nGall; comharthaíocht gnó ó CBM Signs, agus comhadchaibinéad ó Garry Office Supplies.
Is tionscnamh den choiste deonach ag Ionad an Chraoibhín é The Dragon Factor, a d’eascair as Dragons' Den ar RTE. Sheol an coiste an cuardach chun an fiontraí is nuaí agus is cliste i nDún na nGall a aimsiú i Meán Fómhair agus chuir an t-aiseolas a fuaireadar áthas orthu. Deir an Cathaoirleach, Michael McBride, "Tá gliondar orainn faoi Aidan agus an-shuim cheana féin san smaoineamh aige; tá áthas orainn go raibh ar ár gcumas seans a thabhairt dó a ghnó féin a thosú. Is cuid den tiomantas don phobal againn agus ár ndíograis ar son an chontae bheith páirteach sa bhfiontar seo. Beimid ag faire ar dhul chun cinn Aidan amach anseo.”
"Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil lenár n-urraithe duaise agus le Bord Fiontar Contae Dhún na nGall a bhí mar pháirtnéir lárnach againn san tionscadal seo. Rinne Brakes urraíocht ar bhia na hoíche.”
Cuireadh ceist ar Michael McBride an mbeadh Dragon Factor ar ais le haghaidh sraith nua in 2011, agus dúirt sé, “Bí ag faire anseo.”
Wed, 08 Feb 2012 11:41:00 GMT


