Comórtas CIOB
Tá babhta Réigiún an Tuaiscirt LYIT de chomórtas 'Student Challenge' a d’eagraigh An Institiúid Chairte um Fhoirgníocht (CIOB) buaite ag mic léinn ón LYIT.
Tá babhta Réigiún an Tuaiscirt de chomórtas 'Student Challenge' a d’eagraigh An Institiúid Chairte um Fhoirgníocht (CIOB) buaite ag foireann mac léinn Innealtóireachta agus Foirgníochta ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT). Beidh siad ag dul ar aghaidh anois go dtí an chéim dheireanach agus d’fhéadfadh siad a bheith mar ionadithe d’Éirinn sa bhabhta ceannais sa Ríocht Aontaithe.
Reáchtáladh an comórtas i gCampas an Metropolitan College, Béal Feirste. Bhí 7 grúpa mac léinn ó choláistí agus ó ollscoileanna i ngach cearn de Chúige Uladh rannpháirteach sa chomórtas. Bhí ar na mic léinn réiteach a fháil ar fhadhb a bhain le bainistiú foirgníochta, a bhí deartha sa dóigh is go léireoidh siad a gcuid eolais ar fhoirgníocht os comhair baill CIOB, léachtóirí agus mic léinn ar chomhchéim leo – tasc deacair go leor os comhair lucht éisteachta a bhí thar a bheith eolasach iad féin. Ach ba iad ceathrar mac léinn ón LYIT a raibh an lá leo agus a fuair an chéad áit.
Bhí Austin Sammon agus Rory McShane, Léachtóirí san LYIT agus meantóirí na foirne, in éineacht leo. Ba iad Ronan McFadden, Thomas Sheridan, agus Niall McBrearty (mic léinn sa ceathrú bliain de Chéim Onóracha in Innealtóireacht i Sábháilteacht Dóiteáin) agus Aileen Meenagh (mac léinn sa tríú bliain de chéim i bhFoirgníocht & Teicneolaíocht Dóiteáin), a rinne ionadaíocht don LYIT.
Ar ndóigh, tá sé intuigthe go raibh Léachtóirí an LYIT thar a bheith bródúil agus sásta, “Rinne gach uile dhuine go hiontach maith cé go raibh siad faoi bhrú. Bhí iomaíocht ghéar ó na sé foirne eile, Ollscoil Uladh ina measc. Is bua ar dóigh dúinne é.”
Ba é an Metropolitan College, Béal Feirste, a bhí sa dara háit agus bhí an fhoireann ó White Young Green sa tríú háit. Bronnadh duais £100 ar gach duine den fhoireann maraon leis an chorn buan agus trófaí gloine.
Beidh an comórtas do Réigiún an Deiscirt a eagrú ag CIOB i Luimneach i gceann coicíse. Is iad moltóirí CIOB a roghnóidh an fhoireann (cibé foireann an LYIT nó buaiteoirí Réigiún an Deiscirt) a dhéanfaidh ionadaíocht d’Éirinn sna craobhchomórtais CIOB 2011 don Ríocht Aontaithe agus Éirinn in Englemere, Ascot, Sasana.
Ghuigh Paul Hannigan, Uachtarán an LYIT, gach rath ar na mic léinn sa bhabhta deiridh, “Ar ndóigh, tá an choláiste go léir ag guí ádh mór ar an fhoireann. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt fosta do na baill foirne a raibh baint acu leis an chomórtas iomráiteach seo, a thug a gcuid ama go fial flaithiúil, agus ar ndóigh do na mic léinn a bhí rannpháirteach ann. Léiríonn sé inniúlacht agus éirim ár gcuid mac léinn a théann san iomaíocht ag leibhéal náisiúnta agus a mbíonn an bhua leo. Nár lagaí Dia sibh!”
Fri, 20 Jan 2012 08:54:00 GMT


