about-top.jpg

Cúrsaí Springboard

Seolann LYIT cláir nua oideachais do dhaoine dífhostaithe

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais ar chláir oideachais nuálaíocha Springboard á chur siar go dtí an Aoine, 15 Iúil. Tá sé seo á dhéanamh mar gheall ar an suim mhór a spreagadh nuair a fógraíodh na cúrsaí an mhí seo caite. Beidh Lá Oscailte ag LYIT dóibh siúd gur suim leo iarratas a chur isteach – Dé Céadaoin, 13 Iúil, ó 11am go 1pm.

Tá na cúrsaí seo dírithe ar chuidiú le daoine atá dífhostaithe scileanna nua a fhoghlaim gan baint ó na sochair Leasa Shóisialaigh acu, i dtreo is gur
féidir leo cur lena ndeiseanna oibre gan airgead a chailliúint.

Tosóidh na cúrsaí solúbtha páirtaimseartha seo i mí Mheán Fómhair 2011. Clúdaítear réimsí ina bhfuil deiseanna áitiúla fostaíochta faoi láthair, mar ríomhaireacht, seirbhísí airgeadais agus teicneolaíocht fuinnimh gaoithe. Tá siad dírithe ar dhaoine nach bhfuil taithí acu cheana ins na réimsí seo ach atá sásta tabhairt faoi threo nua.

Is cuid de thionscnamh maoinithe Springboard an Rialtais é seo agus tacaíocht aige ón Údarás um Ard-Oideachas i gcomhar le www.bluebrick.ie

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Tugadh na cúrsaí seo chun cinn chun freastal ar na scileanna atá ag teastáil ó fhostóirí san Iar-Thuaisceart, agus cuirtear ar fáil iad ar bhealach solúbtha atá oiriúnach don fhoghlaimeoir.”

Ar na cláir tá pharmacy, wind energy, computing, financial services and accounting Tá bunriachtanais iontrála éagsúla le haghaidh na gcúrsaí ar leith.

Mar shampla, don Mhionghradam i dTeicneolaíocht Fuinnimh Gaoithe, is gá teastas ceirde san innealtóireacht leictreonach nó meicniúil, ar nós na gcáilíochtaí atá riachtanach ag leictreoirí nó meicneoirí. Le haghaidh an Dioplóma Iarchéime Cuntasaíochta is gá cáilíocht ar Leibhéal 8 nó níos airde, agus is mar a chéile an scéal maidir leis an Ard-Dioplóma Ealaíon (Seirbhísí Airgeadais) agus an Ard-Dioplóma Eolaíochta (Ríomhaireacht).

Cliceáil ar www.lyit.ie/springboard chun eolas breise a fháil agus chun iarratas ar líne a dhéanamh, nó cuir glaoch ar Ann Marie ag 074 9186122. Féadfar gearrliostáil agus agallaimh a fheidhmiú.



Wed, 08 Feb 2012 11:49:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht