Scoláireachtaí Spóirt 2011
Ar an 1 Márta 2011, bronnadh Scoláireachtaí Spóirt an LYIT.
Bhí ócáid bhronnta na Scoláireachtaí Spóirt ar siúl san LYIT Dé Máirt, 1 Márta, 2011. I ndiaidh iarratais a fháil ó chorradh agus 40 mac léinn, bhronn an LYIT líon iomlán de 14 Scoláireachtaí Spóirt gurb fhiú €1,000 an ceann iad. Nuair a bhí sé ag labhairt leis an scaifte breá a bhí i láthair, dúirt Paul Hannigan, Uachtarán na hInstitiúide, go raibh sé riachtanach a chinntiú go bhfaigheadh mic léinn an oiread tacaíochta agus ab fhéidir le linn dóibh a bheith ag staidéar sa choláiste, agus de thairbhe scoláireachtaí den chineál seo a bhronnadh, bhí súil aige fosta go gcuirfeadh an gnóthachan airgeadais deis den chineál céanna ar fáil chun cuidiú le fás sa ghnóthachan spóirt. Mar gheall ar bhronnadh na scoláireachtaí seo, tá sé léirithe arís eile ag an Institiúid go bhfuil sí tiomanta do spórt ar fud an réigiúin agus go náisiúnta. Cuireann an scéim, atá i bhfeidhm laistigh den Institiúid agus a fhógraítear go hinmheánach i rith an dara seimeastar den bhliain acadúil, deis ar fáil do mhac léinn iarratas ar chuidiú a lorg. I ndiaidh na roghnúcháin a bheith déanta, cuirtear comhairle ar gach iarrthóir i ndáil leis an iarmhairt agus na critéir, macasamhail a bhí dílis don Institiúid sa spórt agus sa rang agus cuirtear an dul chun cinn acadúil san áireamh chomh maith.
Bronnadh réimse scoláireachtaí trasna na disciplíní spóirt éagsúla, ar a n-áirítear: Peil Ghaelach, Sacar, Cispheil, Lúthchleasaíocht, Liathróid Láimhe, Karate agus Rugbaí. Imeasc na n-imreoirí sa Pheil Ghaelach, bhí Daragh Gallagher (Dún na nGall), Diarmaid Mac Artain (Co. Lú) agus Keith Hill (Muineachán). I measc na mbuaiteoirí chomh maith, bhí Denise Donaghey, ó Bhun na hAbhann, iomaitheoir Karate atá aitheanta go náisiúnta agus a bhfuil boinn náisiúnta cré-umha agus airgid buaite aici. Is é Karl Egan, ó Órán Mór i gCo. na Gaillimhe a bhuaigh an scoláireacht an Rugbaí. Tá Karl ina bhall d’fhoireann d’Fhorbairt Idir-Chúigeach Chonnachta Faoi 18 agus chomh maith leis sin fuair Karl glaonna le bheith ar an fhoireann náisiúnta Faoi 18 anuraidh. Tá ardmholadh ag a chlub, Na Corinthians i nGaillimh, ar Karl agus dheimhnigh siad don Institiúid go mbeidh sé ina imreoir rugbaí den scoth san am amach romhainn.
Beirt bhuaiteoir áitiúil eile is ea Oisín McMenamin ón Bhaile Nua, sa Sacar, agus Carolyn Duffy sa Pheil Ghaelach. San am i láthair imríonn Oisín le foireann Chomórtas Sraithe na hÉireann, Cláirsigh na Finne, agus bíonn Carolyn ag imirt le foireann CLG an Tearmainn a bhí sa chluiche ceannais anuraidh. I measc na mbuaiteoirí áitiúla eile, bhí Lee McFadden, An Fál Carrach, agus Claire McCafferty ó Bhealach Féich, atá ar an phainéal idir-chúigeach sa sacar agus fosta ina captaen ar fhoireann sacair na mban san LYIT.
Seo a leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí sna Scoláireachtaí Spóirt -
Daragh Gallagher (Peil Ghaelach)
Denise Donaghey (Karate)
Avril McNamee (Liathróid Láimhe)
Mark Harkin (Sacar)
Karl Egan (Rugbaí)
Carolyn Duffy (Peil Ghaelach)
Mohammed Ismail (Cispheil)
Oisin McMenamin (Sacar)
Lee McFadden (Sacar)
Pauric McLaughlin (Lúthchleasaíocht)
Diarmuid Mac Artain (Peil Ghaelach)
Keith Hill (Peil Ghaelach)
Steven O’Reilly (Dornálaíocht)
Claire Mc Cafferty (Sacar)
Fri, 06 May 2011 10:51:00 BST


