Níor chuir an drochaimsir bac ar mhic léinn beagnach €9,000 a chruinniú do chumainn charthanachta
Chuaigh smaointe nuálacha do thiomsú airgid, ó ‘Blind Date’ go ‘LYIT's Got Talent’, chun sochair do naoi gcumann carthanachta.
D’éirigh le mic léinn na chéad bhliana, atá ag staideár Riarachán Gnó agus Spóirt san LYIT, suim iomlán de €8,883.12 a bhailiú do naoi gcumann carthanachta mar chuid dá dtasc i mbaint amach a gCéim Baitsiléara i mBainistíocht Riaracháin agus BBS i bhForbairt & Oiliúnú Spóirt. Chuaigh siad i gceann an fheachtais sa chéad seimeastar roimh an Nollaig, rud a chiallaigh gurbh éigean dóibh dul i ngleic le fíor-dhrochaimsir, a chuir isteach ar na gníomhaíochtaí, chomh maith leis an ghéarchéim eacnamaíochta. Dar le Yvonne McCallion, Léachtóir, a ba chúis leis an togra a bheith mar pháirt den mhodúl i bhForbairt Foghlaimeora agus Scileanna Staidéir, go raibh buíochas mór tuillte ag muintir Dhún na nGall as ucht a bhflaithiúlachta. “Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh agus do na mic léinn ar son a gcuid saothar. Tá éacht mhór déanta acu.”
Is iad seo a leanas na cumainn charthanachta a ndeachaidh an t-airgead chun sochair dóibh: iCARE, An Barda Oinceolaíochta in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, Ospís Dhún na nGall, Club Dornálaíochta Bhealach Féich/Shrath an Urláir, Cumann Néaraifibreamatóise na hÉireann, Ospidéal Naomh Muire um Leanaí Breoite, Cumann Uinseann de Pól, Na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus an RNLI.
Rinneadh mic léinn na chéad bhliana a roinnt ina 7 grúpa agus bhí orthu smaointe nuálacha a chur chun tosaigh ar mhaithe le hairgead a chruinniú don chumann carthanachta a roghnaigh siad, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar na fáthanna gur roghnaigh siad an charthanacht sin. Bhí siad seo a leanas áirithe sna smaointe sin: imeacht ‘Blind Date’, Oíche ag na Rásaí, Rothlú Maratóin, ‘LYIT's Got Talent’, raifilí charthanachta agus siúlóid urraithe. Ansin, chomhoibrigh siad chun a gcuid smaointe a chur i ngníomh a bhuíochas do phleanáil, eagrúchán agus comhordú imeachtaí chun sprioc an togra a bhaint amach. Rinneadh é seo go léir i rith a sceideal gnóthach léachtaí agus staidéar. Bhí eolas pearsanta ag mórán de na mic léinn ar na carthanachtaí roghnaithe tríd a dteaghlaigh agus a gcairde.
Thug Yvonne McCallion moladh mór do na mic léinn agus dá seasmhacht agus dá gcruthaitheacht i dtiomsú an airgid, “Chuir na mic léinn an togra seo i gcrích leis an oiread foinn, díograis agus nádúr mhaith go dtarraingníonn siad meas gach uile dhuine orthu.”
Lena chois sin, dúirt sí, “Tá sé mar aidhm ag an tasc seo an tábhacht a bhaineann le comhar a mhúineadh do mhic léinn maraon lena muinín a chothú. Ceann de na fáthanna is mó atá leis na mic léinn a chur ag obair le chéile mar mheitheal ná ar mhaithe le tairbhe a bhaint as an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí difriúla atá ag daoine i mbun an taisc. Chun meitheal a chruthú, caithfidh gach uile dhuine eispéiris, ábaltacht agus tiomantas na ndaoine eile a thuiscint sa dóigh go mbeidh siad in inmhe comhspriocanna a chur i bhfeidhm.” Beimid ag súil go leanfaidh an rialtas úr sampla na mac léinn seo!
Fri, 06 May 2011 11:13:00 BST


