Foghlaim fhíorúil ag cur oideachas ar fáil lasmuigh den seomra ranga
Tá mic léinn agus baill foirne ó Scoil na Turasóireachta san LYIT at tí a gcuid léiriúcháin scannán féin a tháirgeadh.
Tá mic léinn agus baill foirne ó Scoil na Turasóireachta san LYIT at tí a gcuid léiriúcháin scannán féin a tháirgeadh, scannáin a chuirfeas ar fáil sainoilteacht idirnáisiúnta do na mic léinn agus ag taispeáint cnámha scéil oibriúcháin ón ‘fíorshaol’ dóibh. B’fhéidir nach mbainfeadh siad Oscar ar bith ach d’féadfadh an t-ábhar ar-líne seo, atá ina chuid de thogra darb ainm Timpeallacht um Fhoghlaim Fhíorúil, (VLE) atáthar i ndiaidh a sheoladh, d’fhéadfadh sé torthaí i bhfad níos éifeachtaí don fhoghlaim a chruthú.
Tá Scoil na Turasóireachta san LYIT ag dul i mbun togra uaillmhianach ina mbainfear úsáid as teicnící foghlama fíorúla chun dea-chleachtas agus sainoilteacht in eochairscileanna a léiriú. A bhuíochas do mhaoiniú ón Stór Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach (NDLR), cuirfear tús i mí Feabhra 2011 le léiriúcháin ghearra scannán a chuirfidh i láthair modúil éagsúla, ó Thaosráin & Milseogra go Bainistíocht Tuloifige Óstáin, agus úsáidfear iad mar acmhainn chianfhoghlama do mhic léinn cibé ar an champas nó lasmuigh de tríd an suíomh gréasáin.
Is é an smaoineamh atá ar a chúl ná an chuid is fearr de shaineolas ranga ó gach cearn den domhan a ghnéchlárú agus úsáid a bhaint as scannánaíocht mar mhodh chun dálaí coitianta a thaispeáint i suíomh fíor. Ó thaobh milseogra de, beidh cur i láthair a dhéanamh ag Cócairí idirnáisiúnta taosrán a bhfuil clú agus cáil orthu, leithéidí Luc Debove, Ceann Pâtisserie sa Grand Hôtel du Cap-Ferrat in Nice na Fraince, agus Jean Luc Kenneally, Príomhbháicéir san óstán iomráiteach cúig réalt sin. I measc a gcuid scileanna sainoilte tá Dealbhóireacht Siocáin, Taispeántais Siúcre, Seacláid agus Uachtar Reoite. Beidh na scileanna seo go léir á dtaispeáint sa scannán chun go mbeidh na mic léinn in ann amharc orthu agus scileanna den chéad scoth san ealaín seo a fhoghlaim.

Ní strainséirí ar bith ceachtar den dá chócaire go Scoil na Turasóireachta. Reáchtálann siad Máistir-Cheardlanna go rialta do mhic léinn agus do dhaoine gairmiúla san earnáil. Déanfar an scannánaíocht sna cistineacha taosrán agus san amharclann do léiriúchán cócaireachta ar champas na gCealla Beaga, le maoirseacht chumasach ó Noleen Boyle, Léachtóir Taosrán. Taispeánfaidh an léiriúchán ar Bhainistíocht Tuloifige Óstáin seirbhís chustaiméara, bainistiú foirne agus scileanna IT agus déanfar an scannánaíocht in Óstán Harvey’s Point. Taispeánfar na dálaí is coitianta san áit oibre, cásanna a bheifear ábalta a úsáid sa seomra ranga agus sa tionscal ar mhaithe le bonn a chur ar fáil don fhorbairt ar nósanna chaighdeánacha oibriúcháin do thraenáil foirne. Is í Rosemary Dewhirst, Léachtóir i mBainistíocht Fáilteachais i Scoil na Turasóireachta san LYIT, a dhéanfaidh maoirseacht ar an scannánaíocht. Beidh sé seo mar pháirt den fhorbairt ar Mhion-Dámhachtain HETAC Leibéal 6 i mBainistíocht Tuloifige Óstáin, agus ar Theastas HETAC Leibhéal 6 i mBainistíocht Tuloifige Óstáin atá á dtairiscint ag Scoil na Turasóireachta faoi láthair.
Fri, 06 May 2011 11:01:00 BST