Mic Léinn Dlí LYIT San Ollainn!
Beidh triúr mac léinn dlí ag caitheamh 6 mhí seo atá ag teacht ag staidéar in Ollscoil Hanze in Groningen.
Is iad mic léinn dlí LYIT Donna Nelis, Alannah Mc Colgan agus Geraldine Whoriskey, na mic léinn is túisce óna gclár chun staidéar san Ollainn. Caithfidh siad 6 mhí sa scoil dlí Ollanach chlúiteach, Ollscoil Hanze in Groningen.
Tugann an clár deis ar leith chun ullmhú do ghairm idirnáisiúnta ag staidéar dlí Idirnáisiúnta agus Eorpach le mic léinn ó gach carn den domhan. Ceann de shaintréithe na Scoile Dlí i Hanze is ea an bhéim láidir ar chur i bhfeidhm praiticiúil an dlí idirnáisiúnta. Tabharfaidh mic léinn cuairt ar An Hág, lárionad na móreagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.
Is é Groningen an dara baile ollscoile is sine san Ollainn le 45,000 mac léinn agus daonra iomlán de 180,000. Is é an chathair is rogha le mic léinn san Ollainn freisin le leatha den daonra faoi bhun 35. Ghuí an Dr Sylvie Walsh, Comhordaitheoir Idirnáisiúnta ag LYIT, gach rath ar na mic léinn agus iad in Groningen. “Cathair bhríomhar is ea Groningen, le lár na cathrach an-dathúil agus é timpeallaithe ag tuath álainn … gan trácht ar an siopadóireacht iontach agus an saol oíche atá beo bríomhar!”
Ó tháinig siad go Groningen, bhain mic léinn LYIT taitneamh ar an atmaisféar cairdiúil agus bríomhar. “Anois, ó tharla go bhfuilimid socraithe síos go maith in Groningen, bainimid úsáid as an modh iompair is rogha le cách: an rothar. Anseo, tá an méid céanna rothair agus daoine agus dhá oiread rothar agus carranna.” Roghnaigh mic léinn LYIT ar fad páirt a ghlacadh sa chlár seo toisc go bhfuil sé i gceist acu obair d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amach anseo.
NAISC ÚSÁIDEACHA:
Thu, 07 Apr 2011 14:17:00 BST


