Céim Mheicniúil LYIT faofa chun an Teicneolaíocht a Mhúineadh
Anois tá rogha ag céimithe san Innealtóireacht Mheicniúil múineadh.
Tá aitheantas tugtha ag an gComhairle Mhúinteoireachta do chéim BEng (Onóracha) san Innealtóireacht Mheicniúil LYIT mar cháilíocht cheadaithe chun ‘An Teicneolaíocht’ a mhúineadh i meánscoileanna. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an chéim san Innealtóireacht Mheicniúil aitheanta anois ag an gComhairle Mhúinteoireachta don ábhar Ardteistiméireachta seo, rud a thugann breis roghanna gairme do chéimithe.
Ag trácht dó ar an stádas nua seo, dúirt an Dr John Doran, Ceann na Roinne, “Iarracht chomhoibríoch amach is amach a bhí ann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach aon duine as an tacaíocht agus as an iarracht atá déanta acu sa phróiseas iarratais. Tugann sé seo buntáiste d’ár mic léinn os cionn na gclár eile dá leithéid san Innealtóireacht Mheicniúil agus leathnaíonn a roghanna chun múinteoireacht ag leibhéal na meánscoile a chuimsiú.”
NASC ÚSÁIDEACH:
BEng (Hons) in Mechanical Engineering
Thu, 07 Apr 2011 13:42:00 BST


