An bhfuil Slánú in ann dúinn sa Turasóireacht?
Agallamh leis an Dr Seán Duffy, Ceann Scoil na Turasóireachta ag LYIT.
Dar leis an Dr Seán Duffy, Ceann Scoil na Turasóireachta ag LYIT, gach seans go bhfuil. Agus líon na gcuairteoirí ar Éirinn ag titim, ach go háirithe ónár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe, d’fhulaing tionscal na Turasóireachta in Éirinn as an íomhá go raibh praghsanna arda agus droch-luach ar airgead ann. Mar sin féin tá an-dóchas ag an Dr Duffy as an todhchaí agus breathnaíonn sé ar an mbliain seo atá romhainn mar bhliain ina mbeidh an-deis againn, “Sea, tá jab le déanamh againn chun Éire a bhogadh ar ais i lár an aonaigh mar cheannphointe den chéad rogha. Ciallaíonn sé sin obair lena chéile, a bheith nuálaíoch, eispéaras den scoth a thabhairt do dhaoine, nuatheicneolaíochtaí a úsáid, margaí nua a aithint - tugann sé seo deis iontach dúinn. Maidir linne, leanfaimid ag obair leis an tionscal chun cúrsaí agus céimithe den scoth a sholáthar chun freastal ar gnólachtaí cócaireachta, fáilteachais agus turasóireachta.” Deir sé, “Tá na nithe ar fad a dhéanann Eire uathach anseo i gcónaí, tá tairiscint iontach againn, ach go háirithe san Iarthuaisceart. Ar ndóigh, tá muintir na hÉireann ag cur aithne ar a dtír as an nua, agus ag teacht ar an tuiscint go bhfuil i bhfad níos mó d’éagsúlacht agus luach ar airgead ann na laethanta seo.”
Luann sé, “Tá an turasóireacht roghnaithe mar cheann de na príomhthiománaithe eacnamaíochta toisc go mbreathnaítear air mar thionscal atá in ann jabanna a chruthú agus ioncam suntasach a fhás. Samhlaíonn Straitéis agus Plean Gníomhaíochta an Rialtais do Thrádáil, Turasóireacht agus Infheistíocht na hÉireann go 2015, a foilsíodh ag deireadh Mheán Fhómhair 2010, go gcruthófar 15,000 jab breise in earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais faoi 2015. ”Deis is ea seo a raibh Scoil na Turasóireachta LYIT ag ullmhú dó le tamall anuas agus anois tá an scoil suite go maith san Iarthuaisceart mar sholáthróir aonair de chláir oiliúna agus oideachais sa turasóireacht thar ghnéithe uilig an tionscail turasóireachta.
Mar a deis an Dr Duffy “Táimid dírithe ar na caighdeáin is airde a choinneáil trí oiliúint foirne, áiseanna a nuashonrú, cúrsaí nua a thabhairt isteach agus dlúthnaisc a bhunú leis an tionscal. Bhí clár athchóirithe san Cealla Beaga le háiseanna oiliúna agus cistiní nua, agus amharclann taispeántais nua le háiseanna iomlána do thaispeántais closamhairc agus ullmhúcháin bia. “Bhí béim freisin ar an dea-chleachtas a aimsiú trí chláir forbartha foirne i gcomhair le Fáilte Éireann. Rinne comhaltaí foirne staidéar ag Ollscoil cháiliúil Johnson & Wales, Rhode Island san Stáit Aontaithe, French Culinary Institute i Nua Eabhrac agus Ecole Gregoire Ferrandi i bPáras na Fraince. Ina theanta sin, tá cláir malartaithe mic léinn/comhaltaí foirne á bhforbairt ag an Scoil le scoileanna óstáin agus turasóireachta idirnáisiúnta ón bhFionlainn, an Fhrainc, an Iodáil agus Stáit Aontaithe Meiriceá.
D’oibrigh an Scoil go dlúth i gcónaí leis an tionscal in Éirinn - mar shampla, tá rannpháirtíocht an tionscail (trí shocrúchán oibre ar phá nó soláthar cláir ag suíomhanna tionscail) sna cúrsaí uilig, cuid mhaith díobh chomh fada le leibhéal na céime. “Tá an tionscal ag athrú go tapa agus tá an-éagsúlacht ann mar sin is é an bealach is fearr lena chinntiú go bhfanfaimid ábhartha agus go dtabharfaimid an taithí is fearr d’ár mic léinn ná a chinntiú go mbíonn taithí acu ar an saol ina fhírinne.”
Ciallaíonn sé sin freisin a bheith ar an eolas maidir le nuatheicneolaíochta - tá an coláiste páirteach in dhá thogra náisiúnta a dhíríonn ar ábhar ar líne a fhorbairt do chláir turasóireachta/fáilteachais agus ealaíona cócaireachta. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as díograis na foirne agus na mac léinn chun cuidiú leis na hathruithe seo a chur i bhfeidhm. Táimid ar bís faoi 2011 agus an-dóchas againn go mbeidh ról níos mó fós á imirt againn i bhfás agus i bhforbairt na Turasóireachta in Éirinn.”
NAISC ÚSÁIDEACHA:
Thu, 07 Apr 2011 13:34:00 BST


