Fógraíonn an Tánaiste pleananna do leathnú LYIT
Sa Bhliain Úr, 2011, fógraíodh pleananna úrnua do leathnú ar an LYIT.
The Tánaiste and Minister for Education & Skills, Mary Coughlan, today announced funding for LYIT to purchase two separate portions of land in Letterkenny environs to allow for the future growth and expansion of the college.
Ciallóidh an talamh breise go mbeidh an LYIT in ann an spás a úsáid faoi choinne páirceanna imeartha agus foirgnimh lasmuigh den champas a mbeifear á n-úsáid i gcomhair feidhmeanna neamhspleácha nach bhfuil ceangailte go díreach le gníomhaíochtaí oideachasúla ar an chlár ama laethúil.
Ón bhliain 2007 ar aghaidh, tá tionscadail suntasacha taighde i dteicneolaíochtaí nua bronnta ar an LYIT, osclaíodh CoLab (an lárionad nua do ghnó nuálach) agus tá Scoil Turasóireachta na gCealla Beaga anois faoi scáth na hInstitiúide; cuireann na nithe seo go léir tuilleadh deiseanna ar fáil sna hearnálacha teicneolaíochta, taighde, bia agus fáilteachais. Tá
ceannródaíocht déanta ag an LYIT trína comhoibriú le hOllscoil Uladh ar mhaithe le heolas a roinnt tríd Chomhaontas Straitéiseach Gheatabhealach an Iarthuaiscirt. A bhuí do na ceithre scoil acadúil atá san LYIT – Gnó, Eolaíocht, Innealtóireacht agus Turasóireacht – tá chóir a bheith 40 clár nua a sholáthar, ó leibhéal iontrála go hIarchéim, céimeanna Máistreachta agus Dochtúireachta. Chomh maith leis na gnáthchláracha, tá tionscnaimh ar leith curtha ar fáil ag an LYIT i ngníomhachtú saothair, cúrsa do Theicneoirí i bhFuinneamh Gaoithe san áireamh, do dhaoine atá anois dífhostaithe mar gheall ar an ghéarchéim eacnamaíoch.
“Sin cuid mhór garspriocanna,” a deir Paul Hannigan. “Ní fhéadfaí na buaicphointí sin go léir a bhaint amach gan lucht oibre díograiseach ar chuir, ar ndóigh, an meath reatha isteach orthu chomh maith. Laghdaíodh na buiséid tuairim is 10% agus bhí ar an Institiúid laghdú 6% a dhéanamh san fhoireann thar thréimhse dhá bhliain suas go mí na Nollag 2010.
Molaim ár bhfoireann go mór as ucht a ndíograis, ná gan iad ní bheadh ar ár gcumas a bheith chomh fada seo ar aghaidh agus seasamh an-láidir a bheith againn don todhchaí. Cuireann a leithéid sin tús an-mhaith leis an bhliain,” a dúirt Paul Hannigan.
Fri, 20 Jan 2012 09:15:00 GMT


