Máistir-rang um Fhorfheidhmiú Corporáideach ag LYIT
Pléann na mic léinn Máistir-ranga Cuntasaíocht na dúshláin reatha forfheidhmithe atá os cóir cuideachtaí in 2010 agus amach anseo.
Phléigh na mic léinn Máistir-ranga Cuntasaíochta ag LYIT na dúshláin reatha forfheidhmithe atá os cóir cuideachtaí in 2010 agus amach anseo. Ba é Kevin Prendergast, Bainisteoir um Fhorfheidhmiú Corporáideach, ó Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corporáideach (OSFC) a chuir an seimineár i láthair, faoin teideal “Encouraging Compliance - Enforcing the law”.
Leagadh amach sa chur i láthair ról reachtúil an OSFC le díriú ar leith ar an aeráid reatha eacnamaíochta agus an gá atá ann go mbeadh stiúrthóirí cuideachtaí feasach faoin a bhfreagrachtaí de réir Dlí na gCuideachtaí, go háirithe san earnáil GBM. Leagadh béim ar ról an oideachais chomh maith le forfheidhmiú mar chuid lárnach den obair ag an OSFC. Rinneadh plé faoin phróiseas deacair dócmhainneachta, ceist dícháilithe agus sriantachta stiúrthóirí agus conas a fhéadfaí a leithéid a sheachaint.
Ar cheann de na cúiseanna a bunaíodh an OSFC, bhí imní an phobail maidir le cásanna de theip chorporáideach agus dualgais agus freagrachtaí stiúrthóirí. San aeráid reatha eacnamaíochta tá méadú suntasach ar obair an OSFC agus méadú in aghaidh na míosa ar líon na gcuideachtaí atá ag dul i ndócmhainneacht.
Dúirt Anne Burke, Léachtóir Cuntasaíochta “is iontach go bhfuil mic léinn san iarthuaisceart ag fáil mioneolais faoi conas a phléitear le ceisteanna agus polasaithe lárnacha maidir le forfheidhmiú corporáideach. San saol gnó inniu, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, is gné fíorthábhachtach é forfheidhmiú corporáideach maidir le rialachas agus dea-chleachtas. Is gá go mbeadh eolas den nú céim ag cuntasóirí sa réimse seo. Tugann na seimineáir Mháistir-ranga seo léargas ar na ceisteanna túslíne atá os cóir gnólachtaí san aeráid reatha eacnamaíochta.”
Faoi láthair, tá an Roinn Staidéar Gnó chun céim onórach nua 3 bliana - Baitsiléir Gnó sa Chuntasaíocht (CAO: LY108) – a chur in áit an chláir reatha 4 bliana. Tá an clár Mháistir agus an chéim onórach nua 3 bliana araon dírithe ar na scrúdaithe gairmiúla cuntasaíochta agus tugtar díolúintí ó na húdaráis ghairmiúla cuntasaíochta mar ACCA, Cuntasóirí Cairte Éireann agus CPA.
Is féidir eolas breise faoi na cláir seo a fháil ag www.lyit.ie/courses/business/ nó déan teagmháil leis an Roinn Staidéar Gnó ag 074 9186211.
Tue, 28 Feb 2012 13:27:00 GMT


