about-top.jpg

Mic léinn & baill foirne ón LYIT ar chuairt go dtí An Mhaláiv

Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ – tuigeann grúpa ón LYIT an ráiteas sin dóibh féin ó shlí mhaireachtála saoil na Malávach.

Malawi_2 Chaith 14 mac léinn altrachta agus 3 Léachtóir ón Roinn Altranais & Staidéir Sláinte san LYIT coicís ag obair ar thogra tógála i Maláiv na hAfraice i mbliana. Thaistil siad go Mulanje in Iardheisceart na Maláive, áit a raibh siad rannpháirteach sa tionscnamh Sráidbhaile Domhanda le Habitat for Humanity Ireland, a chuireann tacaíocht agus tithíocht ar fáil do dhílleachtaí agus páistí soghonta.

Ag labhairt di faoin turas, dúirt Mary Dunnion, Léachtóir, "Tá tionchar millteanach ag SEIF (AIDS) ar bheatha na ndaoine sa Mhaláiv, níl ionchas saoil ach 50 bliain agus, go nuige seo, tá corradh le milliún páistí fágtha ina ndílleachtaí, níos mó ná leath acu de bharr SEIF. Meastar go bhfuil 4 as gach 5 teaghlach ag maireachtáil i struchtúir atá faoi bhun caighdeáin, agus gur beag dóchas atá ann go mbeidh siad choíche in ann teach réasúnta maith a bheith acu. Tá an ghéarchéim tithíochta ansin amhail is an difríocht idir beatha agus saol."

Malawi_3Rinne duine den ghrúpa, an mac léinn Tricia O'Donnell, cur síos ar na coinníollacha: "Tá cuid mhór mhór bochtaineachta sa cheantar seo de Mhaláiv; tá mórán teaghlach ina gcónaí i struchtúir nach bhfuil iontu ach seomra amháin, gan aon leictreachas, uisce reatha nó córas séarachais. De bharr go bhfuil na coinníollacha sna tithe seo go minic mífholláin, is beag srian atá ar fhorleathadh aicídeacha a chuireann beatha i mbaol. Tá sé deacair a chreidiúint."

Roghnaigh an grúpa ón LYIT an togra seo cionn is go mbeadh buntáistí móra fadtéarmacha ann do theaghlaigh sa Mhaláiv dá mbeadh tithíocht mhaith acu – seans níos fearr acu oideachas a fháil, sláinte níos fearr a bheith acu agus fostaíocht fhadtréimhseach a fháil.

The LYIT team were tasked with assisting the local builders to carry blocks, sand and water, mixing mortar, building the house /scaffolding and plastering.  It was an entire community affair with local women arriving on the site everyday and everyone mucking in with the cooking and preparing traditional Malawian meals.  "It felt like we were part of the village," said Lecturer Philip Corcoran.  "All the cooking was done outside, it's amazing how resourceful these women are with very little equipment or supplies.  The children in the villages were also always about and were so excited to see us.  We played lots of games with them.  The children were so creative, making toys from branches/leaves and footballs from rolled up plastic and cord. We were made to feel so very welcome and received such overwhelming hospitality from people who had very little.  It was very moving."Malawi_4

Chuir foireann LYIT cuidiú ar fáil do na tógálaithe áitiúla – d’iompair siad brící, gaineamh agus uisce chucu, mheasc siad moirtéar, chabhraigh siad le tógáil an tí, le scafall agus le plástráil. Bhí lámh ag an phobal iomlán san obair. Thiocfadh na mná áitiúla ar an láthair gach uile lá agus chuideodh gach duine leis an chócaireacht agus le hullmhú na mbéilí traidisiúnta Malávacha. "Mhothaigh gach duine againn gur glacadh linn mar a muintir féin," a dúirt an Léachtóir Philip Corcoran. "Rinneadh an chócaireacht go léir amuigh faoin aer, chuir sé an dubh-iontas orainn cé chomh seiftiúil is atá na mná le fíorbheagán trealaimh nó soláthairtí. Bhí áthas mór ar na páistí siocair go raibh muid ann agus bhíodh siad ár leanúint thart i gcónaí. D’imir muid lear mór cluichí leo. Bhí na páistí seo thar a bheith cruthaitheach, ag déanamh bréagáin ó chraobhacha/duilleoga agus liathróidí as plaisteach corntha suas le corda. Cuireadh fáilte mhór romhainn agus bhí na daoine sin nach raibh acu ach an beagán iontach flaithiúil agus dáimhiúil linn, rud a chuaigh i gcion go mór orainn."

Chuaigh áilneacht na Maláive maraon le croíúlacht agus dícheallacht na ndaoine i bhfeidhm go mór ar fhoireann an LYIT. Dúirt Melissa Byrne, mac léinn, "Bhí iontas an domhain orainn corruair fá na rudaí a chonaic muid ansin – an iliomad daoine beo bocht, formhór acu costarnocht, páistí ag caitheamh éadaí stiallta stróichthe, máithreacha ag ní a gcuid páistí óga ar thaobh an bhealaigh mhóir agus ag ní a gcuid éadaí in aibhneacha. Cuireann sé d’iallach ort smaoineamh i ndáiríre cé chomh toiciúil sócúlach is atá muid sa bhaile in Éirinn. Bhain an fhlaithiúlacht agus an gliondar a léirigh na daoine, díreach cionn is go raibh muid ansin, an gus asainn. Tá an tír chomh neamhfhorbartha sin go sílfeá go bhfuil na mílte mílte idir í féin agus an Domhan Iarthair."

Tugadh urraim mhór don fhoireann ag an searmanas deiridh nuair a bronnadh an teach ar na húinéirí úra. Seo mar a chuir Mary síos air: "I measc na n-imeachtaí, bhí amhránaíocht , rince agus aisteoireacht Afracach. Má bhí muidne mórtasach asainn féin roimhe sin, is cinnte gur fhoghlaim muid ceacht umhlaíochta nuair a chonaic muid an iarracht mhór a rinne muintir na Maláive ar ár son. Thug muid cuairt fosta ar theach a raibh Habitat for Humanity i ndiaidh a chríochnú tamall roimhe sin agus thug sé sásamh mór dúinn an difear a rinne sé don teaghlach a fheiceáil (seanmháthair agus a beirt garpháistí a fágadh ina ndílleachtaí) agus don phobal níos leitheadaí. Beidh buanchuimhne ag an ghrúpa ar dhínit na ndaoine sin in ainneoin na gcoinníollacha agus na gcúinsí deacra saoil atá os a gcoinne.Malawi_5

Chomh maith leis an obair thógála, fuair an grúpa faill cuairt a thabhairt ar dhá ospidéal sa cheantar, ar scoil áitiúil, ar eagraíocht pobalbhunaithe a thugann aire do dhílleachtaí agus d’fhreastail siad ar Aifreann i dteach pobail áitiúil. Bhí an fhoireann Habitat atá lonnaithe ansin thar a bheith buíoch ar son na mbronntanas a d’fhág an grúpa ina ndiaidh ag Habitat Malawi – earraí riachtanacha macasamhail bróga, miotóga, eangacha, éadaí, agus málaí codlata.

Tosaíodh ar an phleanáil don turas go luath sa bhliain 2009. Chuathas i mbun feachtais tiomsaithe airgid agus bhailigh na mic léinn agus na baill foirne suim iomlán de €52,000 faoi choinne an togra seo. Is iad seo a leanas na daoine a chuaigh ar an turas: Melissa Byrne, Denise Carty, Anne Coyle, Breda Curristin, Carrie Friel, Stephanie Hegarty, Lydia Fowley, Kate Hilley, Eileen Melaugh, Lynne McDowell, Patricia McGinley, Anne O'Donnell, Lisa Nelis, Selina Sweeney, Philip Corcoran, Kevin O'Brien, agus Mary Dunnion.

Tá siad go léir an-bhuíoch ar son na tacaíochta a fuair siad ón phobal, óna dteaghlaigh agus ó chairde faoi choinne an togra iontach fiúntach seo. Eagraíodh seisiún eolais, taispeántas grianghrafanna agus acraí ón Mhaláiv san LYIT i mí na Samhna. Seoladh dlúthdhiosca na foirne ag an ócáid chéanna. Léiríodh cuid mhór spéise sa togra maraon le fonn turas eile den chineál céanna a dhéanamh. Tá clog galánta lámhshnoite, a bronnadh ar fhoireann LYIT sular fhág siad An Mhaláiv, ar taispeántas san fhoirgneamh altranais i láthair na huaire.

Comhghairdeachas leis na mic léinn agus leis na léachtóirí as ucht an turas a dhéanamh agus an seanfhocal ‘níl aon tinteán mar do thinteán féin’ a fhíorú." Is féidir breathnú ar thuilleadh grianghrafanna ón turas ar an suíomh gréasáin http://www.facebook.com/lyit.welcome.

 



Mon, 07 Mar 2011 11:56:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht