Clár Úrnua i mBainistíocht Bialainne Seolta
Tá an chéad chlár nuálach do Bhainisteoirí Bialainne seolta ag Scoil na Turasóireachta, LYIT
Seoladh clár nuálach, Dioplóma i mBainistíocht Oibriúcháin Bialainne, i Scoil Turasóireachta an LYIT ar an 23ú lá de Shamhain 2010. Rinneadh forbairt ar an chlár seo, atá a thairiscint ag an Roinn Fáilteachais & Turasóireachta, i gcomhar le Fáilte Éireann agus an French Culinary Institute i Nua-Eabhrac, agus ar an tséala sin, tá teastais aitheantais ardcháilíochta ag dul leis.
Tá an clár dírithe ar dhaoine atá ag obair cheana féin in earnáil na mbialann, cibé ag leibhéal maoirseachta nó bainistíochta, agus atá i bhfách le cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach, nó ar dhaoine ar mhaith leo slí bheatha a bheith acu i mBainistíocht Bialainne.
Agus é ag labhairt faoi cad a ba chóir do na mic léinn a bheith ag súil leis, bhí an méid seo a leanas le rá ag Ciarán ó hAnnracháin, Ceann na Roinne Fáilteachais & Turasóireachta: “Is é seo clár a chuirfeas ar fáil deiseanna do shlite beatha éagsúla in earnáil na mbialann. Clúdaíonn sé gach uile ghné d’fhorbairt agus do bhainistiú gnó bialainne rathúil.”
D’aon ghnó, imeascann an Dioplóma (HETAC Leibhéal 7) taithí phraiticiúil ar an láthair le forbairt agus bainistiú fiontair, agus is sárshampla é de chomhoibriú idir earnáil na tionsclaíochta agus earnáil an oideachais. Nuair a cuireadh tús leis an Dioplóma, glacadh isteach sé cloigne déag rannpháirtithe ó gach cearn den Iarthuaiscirt agus tugadh cuireadh do mheantóirí ainmnithe obair-bhunaithe chuig lainseáil Bialann Traenála na Mílaoise, bialann úrscothach an choláiste. “Faigheann tú seans an rud a fhoghlaimíonn tú sa tseomra ranga a chleachtadh agus ciallaíonn sé sin go bhfuil an fhoghlaim iontach dearfa agus tráthúil. Chomh maith leis sin, tá mé iontach tógtha leis na háiseanna nua-aimseartha anseo i Scoil Turasóireachta na gCealla Beaga agus leis na léachtóirí. Níl sárú ar a bheith ag foghlaim ó dhaoine atá ag obair i ngnó bialainne cheana féin,” a dúirt Linda Molloy, ó Bhialann an Lemon Tree i Leitir Ceanainn, atá rannpháirteach sa chlár.
Ba é Christy Tighe, úinéir an Cromleach Lodge, Co Shligigh, a bhí mar aoi-chainteoir i ndiaidh an lóin agus chuir sé béim mhór ar an tábhacht atá le meantóireacht i bhforbairt bainisteoirí do thionscail rathúla. “Ofrálann an Dioplóma seo cáilíocht ghairmiúil chreidiúnaithe i mBainistíocht Bialainne. Tréaslaím le Scoil na Turasóireachta as ucht an Dioplóma seo a fhorbairt agus a bheith ar an chéad choláiste in Éirinn lena chur ar fáil.”
Chuaigh Scoil na Turasóireachta i gcomhairle le Comhlachas Bialann na hÉireann (RAI) agus le Cónaidhm na nÓstán Éireannach (IHF) chun an clár a dhearadh. Ag labhairt do ag an lainseáil, dúirt Ciarán Ó hAnnracháin go raibh sé tábhachtach oibriú go dlúth le hearnáil na turasóireachta, “Tá sé mar sprioc againn cláracha a thairiscint do dhaoine ó ghnónna bialainne agus ón earnáil fáilteachais níos leitheadaí, a chuirfeas ar a gcumas na hinniúlachtaí praiticiúla, bainistíochta agus fiontraíochta atá acu cheana féin a fheabhsú. Is í ár n-aidhm fosta ár gcuid foghlaimeoirí a dhéanamh feasach ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta.”
Mar réamhullmhúchán don chlár, fuair baill den fhoireann acadúil oideachas agus oiliúint bhreise in Ollscoil Johnson & Wales, Rhode Island, SAM; École Gregoire Ferrandi, Paris, An Fhrainc; agus Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac, SAM. Rinne Fáilte Éireann páirtmhaoiniú ar an fhorbairt acadúil proifisiúnta seo.
Mar chuid den chúrsa chomh maith, reáchtáladh Ceardlann Meantóireachta ar feadh lá iomlán do mheantóirí ar tugadh cuireadh dóibh. Bhí an ceardlann maoinithe ag Fáilte Éireann agus curtha i láthair ag David Cantwell ó Positive Success, saineolaithe in Oiliúint d’Feidhmeannaigh.
Tá an Dioplóma i mBainistíocht Oibriúcháin Bialainne dírithe ar mhaoirseoirí/bhainisteoirí atá i mbun gnó bialainne cheana féin maraon le daoine atá i bhfách lena slí bheatha a athrú. Is féidir staidéar a dhéanamh air ar bhunús lánaimseartha nó páirtaimseartha. Ó tharla go bhfuil ráchairt mhór ar an chlár, moltar d’iarrthóirí do 2011 a n-iarratas a chur isteach go luath. Faoi choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Scoil Turasóireachta an LYIT ag an uimhir 074 9186600.
Mon, 07 Mar 2011 12:37:00 GMT


