about-top.jpg

Fís Cheannairí an Iarthuaiscirt chun dul i ngleic le buncheisteanna réadacha.

Sa tseachtain chéanna ina raibh racán gan réamhshampla sa tír, tháinig grúpa de cheannairí sinsearacha ó chomhlachtaí as gach cearn den Iarthuaisceart le chéile

Leadership NW_1 Sa tseachtain chéanna ina raibh racán gan réamhshampla sa tír, tháinig grúpa de cheannairí sinsearacha ó chomhlachtaí as gach cearn den Iarthuaisceart le chéile chun lainseáil a dhéanamh ar ghréasán úrnua darb ainm Leadership North West (NW). Trí chomhoibriú, malartú eolais agus dul i ngleic le dúshláin go hionraice, creideann an grúpa seo go dtig leo leanúint ar aghaidh ag bisiú rathúlachta a n-eagraíochtaí mar thoradh ar an phróiseas ‘foghlaim ghníomhach’, atá mar chuid den chlár MBS d’Fheidhmeannaigh san LYIT. ‘“Ní neart go cur le chéile’, agus tá cuid mhór taithí agus saineolas gnó laistigh den ghrúpa seo, rud a bhí soiléir ó na seisiúin ina ndearna muid scrúdú ar fhíorcheisteanna gnó. Táimid cinnte gurb fhéidir linn leanúint de bheith ag baint tairbhe as an acmhainn seo san am atá le theacht,” a mhínigh Brian Durnin, Príomh-Bhainisteoir Nuálaíochta le Seagate agus Cathaoirleach Leadership NW.

Is gréasán acmhainne é Leadership NW, a bhunaigh céimithe ón LYIT a rinne an clár MBS i Nuáil agus Ceannaireacht d’Fheidhmeannaigh, ina measc lucht gnó mór le rá as Dún na nGall, Sligeach agus Doire. Bhí an grúpa ag iarraidh leanúint den réiteach fadhbanna i measc a chéile agus na buntáistí líonraithe a bhí acu le linn dóibh a bheith ag déanamh a gcéim Máistreachta, agus úsáid a bhaint as an teicníc do ‘foghlaim ghníomhach’ chun fadhbanna a réiteach de réir mar a nochtódh siad laistigh dá gcomhlachtaí. “Níl muid ag maíomh gur saineolaithe amach is amach atá ionainn ach is cinnte gur bhain muid sochar mór as a bheith ag plé ár gcuid ceisteanna gnó lena chéile ar mhaithe le réiteach comhchoitianta a fháil dóibh, agus is féidir leis sin a bheith thar a bheith cumhachtach,” a dúirt Martina Kerr-Bromley, Bainisteoir Fiontar Gnó, Fáilte Éireann san Iarthuaiscirt. “Chonaic muid na buntáistí inár gcuid eagraíochtaí féin de bharr an MBS agus thuig muid go raibh sé chomh luachmar sin nach dtiocfadh linn deireadh a chur leis nuair amháin a bronnadh ár gcéim orainn. Ba mhaith linn coinneáil ag cruthú gaoil caidrimh agus ag foghlaim.”

Leadership NW_2 Go bunúsach, is cumann alumni atá in Leadership NW a chuideoidh leis na baill aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna le chéile, ach tá sé beartaithe an gréasán a leathnú ar fud an LYIT. Is iad seo a leanas na cuspóirí atá leagtha síos don chumann: dul i ngleic le saincheisteanna tús cadhnaíochta do na baill, oibriú le chéile ar mhaithe le réitigh nuálacha a fháil, táirgí nua a aithint, agus gníomhú dá réir. Tá sainmheon daonnachtúil ag Leadership NW agus tá siad i bhfách leis an mhéid atá foghlamtha acu a roinnt le mic léinn eile ar an chúrsa MBS agus thairis sin nuair amháin a bheas cos i dtaca níos láidre aige. Rinneadh é a lainseáil go hoifigiúil an tseachtain seo caite ag seisiún in Ionad Nuálaíochta CoLab san LYIT leis na rannpháirtithe atá ar an chúrsa MBS san am i láthair. Ba é Sean Gallagher, bunaitheoirí Smarthomes, agus ball den phainéal ar Dragons' Den, a bhí ina aoíchainteoir ag an ócáid.

De réir Michael Margey, Ceann na Roinne Gnó san LYIT, “Shocraigh na baill iad féin breith ar an áiméar agus Leadership NW a bhunú. Is deis atá ann faoi choinne leanúint de bheith ag foghlaim agus ag roinnt eolais le chéile san am amach romhainn agus is caidreamh luachmhar é idir earnáil na tionsclaíochta agus earnáil an oideachais.”

Is iad seo a leanas na baill atá rannpháirteach in Leadership NW: Brian Durnin, Príomh-Bhainisteoir Nuálaíochta, Seagate, Doire (Cathaoirleach, Leadership NW); Eugene Doherty, Úinéir/Bainisteoir, Doherty Joinery (Leaschathaoileach, Leadership NW); Caroline Faulkner, Leas-Uachtarán na gCóras Faisnéise, Pramerica Systems Irl Ltd; Martina Kerr-Bromley, Bainsiteoir Fiontar Gnó, Fáilte Éireann san Iarthuaisceart; Hazel Russell, Rialtóir Airgeadais, Highland Radio; John Molloy, Stiúrthóir Oibriúcháin, Natural Dairies/Green Pastures; Paul Walker, Stiúrthóir Dearbhú Cáilíochta, Pramerica Systems Irl Ltd; Seán McAuliffe, Bainisteoir Ginearálta, ISS Facility Services; Pádraig O’Grady, Stiúrthóir Réigiúnach, IBEC an Iarthuaiscirt; Michael O'Reilly, Stiúrthóir Bainistíochta, Medisize; John McCarry, Bainisteoir Ginearálta, Dawn Foods; Justin Walsh, iar-Bhainisteoir Ginearálta, Boston Scientific, Leitir Ceanainn (ar shéala dhul i mbun poist leis na Coimisinéirí Ioncaim); Michael Margey, Ceann na Roinn Gnó, LYIT.



Mon, 07 Mar 2011 12:09:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht