Ceannródaíocht a dhéanamh ag LYIT ar bhogearraí úrnua chun foghlaim a shimpliú
Tá LYIT ag cur chun cinn bogearraí úrnua a chuideoidh le héascú foghlama
Ar smaoinigh tú riamh an raibh foirmle dhraíochta ar bith ann a bheadh ábalta staidéar sa scoil nó sa choláiste a dhéanamh níos furasta? Tá taiscéaladh spreagúil ar siúl san LYIT, ag déanamh trialacha ar bhogearraí úrnua, ar a dtugtar 'Simplify Learning', ar mhaithe le fáil amach an bhféadfadh a leithéid tionchar dearfach a bheith aige ar an fhoghlaim i dtimpeallacht acadúil. Tá rannpháirtithe an chúrsa MBS i Nuáil agus Ceannaireacht d’fheidhmeannaigh páirteach sa triail. Meastar go bhfuil féidearthacht láidir ag Simplify Learning roinnt agus malartú eolais a bhrostú trí thacaíocht ghrúpa, agus torthaí dearfacha a bhaint amach dá bharr.
Forbartha ag Claire Burge, ó Simplify Learning (lonnaithe sa CoLab ar champas an LYIT), úsáideann na bogearraí coincheapanna de líonrú sóisialta i dtimpeallachtaí acadúla chun cuidiú le mic léinn foghlaim ar dhóigh difriúil, trí eolas agus taithí phearsanta a roinnt lena chéile. Bhog Claire as An Afraic Theas go Dún na nGall tá bliain ó shin, ach bhí tús curtha aici lena coincheap gnó sula dtáinig sí agus anois, in Éirinn, tá an choincheap tugtha aici go dtí an chéad leibhéal eile.
Ag labhairt di faoin dóigh ar smaoinigh sí ar an choincheap, bhí an méid seo le rá ag Claire, “Tháinig an smaoineamh chugam nuair a bhí mé ag staidéar faoi choinne Céim Máistreachta dúshlánach in Ollscoil Pretoria san Afraic Theas. Bhí an cúrsa dírithe ar bhainisteoirí sinsearacha agus ar phroifisiúnaigh gnóthacha. I dtús báire, bhí 72 duine páirteach ach nuair a tháinig am na scrúduithe, ní raibh fágtha ach dáréag againn.”
“Thuig mé féin agus mac léinn eile sa rang go gcaithfeadh sé go raibh dóigh níos fearr ann chun é seo a dhéanamh. Dá bhrí sin, tháinig muid aníos le modh foghlama a úsáideann líonraithe sóisialta agus an Gréasán chun foghlaim a bhrostú. Bhain muid féin úsáid as an mhodh seo dár gCéim Máistreachta agus is cinnte gur mhéadaigh sé ár gcuid marcanna go suntasach.”
D’éirigh chomh maith sin leis an seift go dtáinig a cuid léachtóirí sa choláiste chuig Claire agus gur iarr siad uirthi an modh a raibh forbairt déanta aici air, a roinnt le daoine eile sa rang. “Chuir an ollscoil ar ár súile dúinn go raibh smaoineamh gnó i gceist anseo agus mar thoaradh air sin, bhunaigh muid comhlacht.”
“Rinneamar cuid mhór taighde san Afraic Theas agus sna Stáit Aontaithe ó thaobh oideachas dara agus tríú leibhéal. Thaispeáin na torthaí dearfacha a fuarthas ar ais gur ardaigh marcanna, ar an mheán, idir 20-30% agus gur feabhsaíodh tréchur na mac léinn go suntasach.”
“Mar gheall ar thorthaí den chineál sin, bhí muid i bhfách leis na bogearraí do Simplify Learning a thriail san LYIT,” a dúirt Meadbh Ruane, Léachtóir. “Is cur chuige iontach nádúrtha é seo do thograí grúpa ach fosta do na léargais agus na tuairimí bunúsacha a úsáideann muid chun fiúntas agus ábharthacht faisnéise a threorú. Tá mé ag súil go mór le feiceáil conas a oibríonn sé seo agus an tionchar a bheas aige ar an ghrúpa.”
“Tá lúcháir mhór orm an deis a fháil chun tástáil a dhéanamh ar na bogearraí san LYIT,” a dúirt Claire. “Siocair gur gnólachtaí iad mórán de na rannpháirtithe ar an chúrsa, beidh sé suimiúil a fháil amach conas a fhreagraíonn siad dó agus tá mé ag tnúth le haiseolas úsáideach a fháil.”
“Measaim go bhfuil buntáiste ar dóigh agam a bheith anois lonnaithe i nDún na nGall. Tá áiseanna nua-aimseartha den chéad scoth agam in CoLab agus fuair mé an-spreagadh agus treoir phraiticiúil i ndáil le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Simplify Learning. Cuireadh fáilte ó chroí romham anseo i nDún na nGall.”
Mon, 07 Mar 2011 12:16:00 GMT


