Rátaí d’fhorchéimniú mac léinn san LYIT níos fearr ná an meánráta náisiúnta
Léiríonn suirbhé nua náisiúnta go bhfuil rátaí neamhláithreachta na mac léinn san LYIT níos ísle ná an meánráta ar fud na tíre.
De réir staidéar nua a rinne an tÚdarás um Ardoideachas ar mhic léinn ag fágáil a gcoláistí gan a gcúrsaí a chríochnú, tá sé faighte amach go dtéann 85% de mhic léinn ar aghaidh ón chéad bhliain go dtí an dara bliain agus go bhfuil córas ardoideachais na hÉireann chomh maith céanna le tíortha eile i dtaca le forchéimniú mac léinn agus críochnú a gcúrsaí. Léiríonn an tuarascáil fosta go bhfuil na rátaí críochnaithe do mhic léinn san LYIT níos airde ná an meán náisiúnta d’Institiúidí Teicneolaíochta i ngach uile chatagóír.
Ceann de na torthaí is tábhachtaí a fuarthas amach ná gurb iad torthaí an scrúdaithe Matamaitice san Ardteist an táscaire feidhmíochta is fearr san ardoideachas. Bhí an LYIT ar thús cadhnaíochta nuair a chuir sí ar bun an tIonad Foghlama Matamaitice sa bhliain 2007 ar mhaithe le staidéar breise agus tacaíocht i Matamaitic a ofráil do mhic léinn na chéad bhliana. Tá anailís déanta sa taighde ar cheist an fhorchéimnithe i réimse staidéir, leibhéil NFQ, agus ar institiúidí. Cuireann sé san áireamh an tionchar atá ag éagsúlacht thréithe na mac léinn ar an fhorchéimniú, leithéidí inscne, aois, cúlra socheacnamaíoch agus réamhghnóthachan oideachasúil. Bhí an tuarascáil dírithe go príomha ar mhic léinn lánaimseartha ag teacht isteach sa chéad bhliain agus ar an fhorchéimniú i gcláracha d’fhochéimithe sna blianta ina dhiaidh sin.
Thomhais an tuarascáil 'rátaí neamhláithreachta' na mac léinn tríú leibhéal sna hinstitiúidí ardoideachais go léir in Éirinn, ollscoileanna san áireamh. Deimhníodh go bhfuil an ráta neamhláithreachta san LYIT níos ísle ná an meán náisiúnta i leibhéil 6 agus 8. I ngach uile chatagóír, áfach, bhí rátaí neamhláithreachta san LYIT níos ísle ná an meán náisiúnta do na hInstitiúidí Teicneolaíochta. Mar shampla, fuair an LYIT scór 4% do chláracha Leibhéal 8 i gcomparáid le ráta náisiúnta neamhláithreachta de 16%, agus i gcomhair cláracha ag Leibhéal 6, bhí ráta an LYIT ionann le 19% i gcomparáid leis an ráta náisiúnta neamhláithreachta de 25%. Cruthaíonn an staidéar seo go bhfuil na rátaí críochnaithe san LYIT i bhfad níos fearr ná na cinn a foilsíodh roimhe seo. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach de bharr go raibh sé maíte i rangú eile oideachais go raibh ráta ard fágála i measc na mac léinn san LYIT.
Le linn do a bheith ag labhairt faoina torthaí, dúirt Uachtarán an LYIT, Paul Hannigan, an méid seo a leanas: “Chreid muid i gcónaí nach raibh féindhearbhú ag institiúidí indibhidiúla i dtaca le rátaí neamhláithreachta ina thomhas iontaofa nó comhsheasmhach. Fáiltíonn muid roimh an staidéar neamhspléach seo a bhain úsáid as na paraiméadair céanna tríd síos do gach institiúid chun na rátaí neamhláithreachta a thomhais i rith tréimhse ama faoi leith. Deimhníonn sé dúinn go bhfuil rátaí neamhláithreachta san LYIT i bhfad suntasach níos lú, i bhformhór cásanna, ná an meán náisiúnta. Ní ionann sin is a rá, mar sin féin, gur chóir dúinn a bheith sásta; tá sé mar sprioc againne a chinntiú nach gcuireann duine ar bith deireadh lena gcuid staidéir, ach tá lúcháir orainn go gcríochnaíonn líon mór dár gcuid mac léinn a gcúrsaí.”
Mon, 07 Mar 2011 12:05:00 GMT


