about-top.jpg

LYIT ina mol diospóireachta ar an dóigh gurb fhéidir le taighde brabús gnó a thiomáint

Taighde chun tionscail úrnua a spreagadh

IT&T Conference 2010Carranna a thiomáineann iad féin, cianmhonatóireacht sláinte do sheandaoine sa dóigh go mbeidh siad níos neamhspleách, siamsaíocht ar do fón, ar do theilifís agus ar do ríomhaire glúine agus socrúcháin cliste fuinnimh – sin iad cuid de na hábhair a ndearnadh plé orthu ag comhdháil mór Eorpach ar thaighde agus teicneolaíochtaí nua a tionóladh san LYIT ar an 22 Deireadh Fómhair 2010.

Ba é seo an 10ú comhdháil, dar teideal “Research: Driving the Knowledge Economy”, ar Thaighde & Teicneolaíocht Faisnéise. Chruinnigh sé le chéile ceannródaithe smaointe ar na teicneolaíochtaí nua sin ó gach cearn d’Éirinn agus den Eoraip. Bhí an chomhdháil eagraithe ag foireann Saotharlann WiSAR, grúpa a bhfuil sé mar aidhm acu éascú a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí agus comhoibriúcháin a thiomáinfidh maoiniú do thaighde sa todhchaí chun tosaigh sna hearnálacha tionsclaíochta móra, macasamhail teicneolaíocht gan sreang.

Rinne Nick Timmons agus an Dr Jim Morrison, bunaitheoirí Saotharlann WiSAR, óstáil ar an chomhdháil TF & T i Leitir Ceanainn ar mhaithe le lucht tionscail, lucht acadúla agus maoinitheoirí a thabhairt le chéile d’fhonn eolas agus taighde a mhalartú agus a chur i bhfeidhm in earnáil na tionsclaíochta. “Tá saineolas agus taighde ceannródaíochta anseo in Éirinn. Caithfidh muid é seo a thapú agus a chur i bhfeidhm i dtionscail agus chun é sin a dhéanamh, tá maoinitheoirí de dhíth orainn. Is é sin príomhchuspóir na comhdhála seo – na páirtithe leasmhara go léir a thabhairt le chéile,” a mhínigh Nick Timmons, Saotharlann WiSAR.

IT&T Conference 2010_2Comhcheanglaíonn an chomhdháil TF &T páipéir acadúla le léiriúcháin ó thionscail, ó ghníomhaireachtaí maoiniúcháin agus ó shaineolaithe gnó idirnáisiúnta. Is fóram é inar féidir le taighdeoirí a gcuid oibre a chur i láthair, foinsí maoiniúcháin a shonrú agus comhpháirtíochtaí a chruthú le tionscail. Tá béim mhór ar ghníomhú agus feiceáil conas is féidir le taighde táirgí nua inmharthana a chruthú. Faigheann an chomhdháil tacaíocht ó Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann (IOTI).

De réir Cathaoirleach na Comhdhála, an Dr Jim Morrison, “Tá an fócas i mbliana ar chomhoibriú agus ar an dóigh a dtig le taighde cuidiú le tionscal forbairt a dhéanamh ar tháirgí tráchtála. Inár spás féin de theicneolaíocht gan sreang táimid i bhfách le húsáidí na teicneolaíochta seo a leathnú amach i gcomhair nithe mar chianmhonatóireacht othair agus córais chliste do chaomhnú fuinnimh.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nick Timmons, comhbhunaitheoir na comhdhála TF & T agus an príomhthaighdeoir i Saotharlann WiSAR san LYIT; “Tá deiseanna tráchtála i dtaighde an ghrúpa agus is an dúshlán ná an obair seo a mheaitseáil le tionscal d’fhonn margaí úra a chruthú. Cuireann an chomhdháil deis ar fáil chun taighdeoirí agus tionscail a theacht le chéile agus dá thairbhe sin tá lúcháir mhór orainn a bheith ag déanamh óstáil ar an chomhdháil TF & T i mbliana arís.”

Dúirt an Dr Richard Thorn, Stiúrthóir Taighde don IOTI, é seo: “B’éigean don phobal taighde a bheith níos feasaí ó thaobh na meáin de, agus a thaispeáint go bhfuil an rud a dhéanann siad ábhartha.” Bhí na focail sin ag cur leis an méid a dúirt An Tánaiste, Máire Ní Chochlainn, a rinne oscailt oifigiúil ar an chomhdháil. Mhol sí don phobal taighde a n-ábharthacht a léiriú, ag rá “Caithfidh an pobal taighde teagmháil leis an phobal níos leitheadaí agus a thaispeáint go bhfuil siad cheana féin ag cuidiú le tionscail agus, i ndáiríre, go bhfuil taighde i gceartlár na n-iarrachtaí atá ar siúl chun réiteach a fháil ar na deacrachtaí eacnamaíochta atá ann san am i láthair.”

Agus é ag caint ar thaighde ag tiomáint cúrsaí tionscail sa todhchaí, mhaigh Nick Timmons, SaotharlannWiSAR, “Tá an dá cheann comhcheangailte; gan taighde, ní féidir fionnachtain nua a chur i bhfeidhm i dtionscal, agus gan maoiniúcháin, ní thiocfaidh na fionnachtain nua sin chun solais choíche. Siocair go bhfuil cur chuige solúbtha oscailte againn anseo i Saotharlann WiSAR i ndáil le gnéithe de mhaoin intleachta i dtaighde chomhoibritheach agus inár seirbhísí comhairliúcháin, tá sé ar ár gcumas muid féin a chur in oiriúint do riachtanais ár bpáirtnéirí tionsclaíocha. Tá an chomhdháil seo thar a bheith riachtanach chun earnáil na tionsclaíochta agus taighdeoirí a thabhairt le chéile ar mhaithe le tionscal a thiomáint chun tosaigh.”

NASCANNA ÚSÁIDEACHA:

www.wisar.org
www.ittconference.ie

 



Mon, 07 Mar 2011 12:28:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht