Clár Skills @ Work
Tá comhpháirtíocht ag an LYIT le Pobalscoil Charn Domhnaigh ar mhaithe le Scileanna Oibre-Saoil a thabhairt do na daltaí
Tá baill foirne ón LYIT ag dul i mbun tionscnaimh a thabharfas léargas grinn, bunaithe ar thaithí phearsanta, do dhaltaí sinsearacha i bPobalscoil Charn Domhnaigh mar pháirt den chlár Skills @ Work. Is tionscnamh de chuid Gnó sa Phobal (BITCI) an clár seo a bhfuil Comhpháirtíocht Gnó na Scoileanna (SBP) ag déanamh éascú air.
Cuirfidh foireann an LYIT cainteanna ar fáil ar ábhair macasamhail "Lá i Saol …"; forbhreathnú ar chomhlacht; ceardlanna in ullmhú CV; agus scileanna agallaimh chun cuidiú leo slite beatha oiriúnacha a lorg dóibh féin. Lena chois sin, tabharfar na daltaí ar chuairt go campas an LYIT i Leitir Ceanainn, áit a bhfeicfidh siad an iliomad deiseanna do na slite beatha atá ar fáil in earnáil an ardoideachais.
“Cuideoidh an clár seo le daltaí sa cúigiú bliain díriú ar shlí bheatha faoi leith agus oibriú i dtreo torthaí a bhaint amach a chuideoidh leo sa chéad chéim eile dá saol, cibé i bhfostaíocht nó i mbreisoideachas. Táimid ag tnúth go mór leis an fhorbairt ar an chomhpháirtíocht leis an LYIT sa bhliain amach romhainn”, a dúirt Brendan Boyle, Comhordaitheoir Gairmchlár na hArdteistiméireachta, Pobalscoil Charn Domhnaigh.
“Tá lúcháir ar an LYIT a bheith mar chomhpháirtí ag Pobalscoil Charn Domhnaigh sa nasc seo a thabharfaidh tacaíocht do dhaltaí i rith a mblianta sinsearacha ar scoil. Tá ár mbaill foirne thar a bheith sásta a bheith rannpháirteach sa tionscnamh seo a thugann fosta an deis dóibhsean forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna féin, ar a n-áirítear neartú foirniúlachta, scileanna idirphearsanta agus scileanna cumarsáide,” a dúirt John Andy Bonar, Ceann na Forbartha, LYIT.
“Aithníonn BITCI an cheannaireacht atá léirithe ag an LYIT san earnáil ardoideachais laistigh de Réigiún an Iarthuaiscirt,” a dúirt Elaine McFadden, Comhordaitheoir Réigiúnach – Dhún na nGall, Comhpháirtíocht Gnó na Scoileanna.
Maoinithe faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, tá sé mar aidhm ag an SBP corradh le 150 scoil iar-bhunoideachais a mheaitseáil le gnó áitiúil. San am i láthair, tá meaitseáil déanta le 158 scoil.
Faoi choinne tuilleadh eolais, gabh go dtí www.bitc.ie.
Mon, 07 Mar 2011 12:49:00 GMT


