about-top.jpg

Díríonn Bainisteoirí Gnó den Iarthuaisceart ar Thodhchaí Dearfach a Chruthú

Iniúchadh á dhéanamh ar na deiseanna don Iarthuaisceart.

Colm McCarthy & Ml Margey Thug Colm McCarthy, Cathaoirleach ar Bhord Athbhreithnithe Chaiteachais an Rialtais, ‘An Bord Snip Nua’, spreagaitheasc ag seimineár do bhainisteoirí sinsearacha a rinne iniúchadh ar na cúinsí gnó agus eacnamaíocha atá i ndán d’Éirinn agus don réigiún Iarthuaiscirt agus na bealaí chun tabhairt fúthu.

Sa seisiún a chothaigh sár-smaointe a bhí faoi chinnireacht an Dr. Vincent Hogan (eacnamaí, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath) agus Paul McMahon (saineolaí sa bhainistíocht riosca) bhí láithreoireachtaí agus idirphlé comhchéime san áireamh a bhreathnaigh ar na Boilgeoga Sócmhainne sna margaí cónaithe agus tráchtála. Áiríodh iad seo a leanas: rátaí malairte an dollair; rátaí malairte steirling; spriocanna/cánacha buiséadacha; agus cur chuigí bainistíochta riosca don fhiachas pearsanta agus corparáide.

Dúirt Paul McMahon faoin seimineár, “Is mór an tairbhe é a bheith rannpháirteach i gclár mar seo, ba phlé den scoth é an díospóireacht agus an t-ábhar, bhain mé an-taitneamh as an bhfóram, bhí an t-aiseolas ó na bainisteoirí ar fheabhas.”

D’oscail agus dhún an Dr. Simon Stephens, Léachtóir i nGnó in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn an seisiún tríd an bpleanáil do chúinsí a thabhairt isteach mar uirlis ghnó phraiticiúil. “Gné bhunúsach den chlár seo ná an ábharthacht. Le Máistreacht Feidhmiúcháin Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn is féidir ceangal mór a dhéanamh leis na cúinsí fíor-ama agus fíorshaoil atá i ndán dár timpeallacht ghnó. Bhí rannpháirtíocht den scoth idir an lucht féachana agus na cainteoirí a bhí againn; cruthaíodh gur leagan amach é agus d’éirigh thar barr leis seo leis na rannpháirtithe.”

Reáchtáladh an seimineár mar chuid de chlár Máistreachta Feidhmiúcháin sa Nuálaíocht agus sa Cheannasaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn do bhainisteoirí sinsearacha i mór-réigiún an Iarthuaiscirt; faoi láthair tá os cionn 20 bainisteoir agus cuideachta as Dún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, Doire agus Tír Eoghain rannpháirteach ann.



Tue, 07 Dec 2010 14:03:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht