An chéad ghlúin eile d’fhorbróirí bogearraí oilte i Leitir Ceanainn
Fógraíonn SITA an chéad socrúchán rathúil de mhic léinn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Is le déanaí a d’fhógair SITA, speisialtóir TF san aeriompar, gur éirigh leis an gcéad socrúchán de mhic léinn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag ionad forbartha bogearraí na cuideachta i Leitir Ceanainn.
Caitheann na mic léinn a bhfuil cúrsa Forbartha Feidhmiúchláir Fiontar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar bun acu seimeastar amháin ag obair do SITA, a thugann léargas ar fhorbairt bogearraí tráchtála agus taithí gnó dóibh. Leis an gcúrsa seo, a forbraíodh i gcomhar le SITA, soláthraítear cáilíochtaí Dioplóma Iarchéime Ríomhaireachta agus Máistreachta Eolaíochta.
Dúirt Thomas Dowling, Ceannasaí na Roinne Ríomhaireachta in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, “Leis an gcúrsa Forbartha Feidhmiúcháin Fiontar tá na céimithe in ann a gcuid scileanna a úsáid i dtimpeallacht bheo agus ag an am céanna taithí a fháil i gcuideachta den scoth. An aidhm atá againn ná chun ionchais fhostaíochta mhaithe a chur ar fáil dár mic léinn trí iarrthóirí ar dóigh a chur ar fáil do chuideachtaí anseo san Oirthuaisceart agus ar fud na tíre.”
Dúirt Maurice Maher, Stiúrthóir SITA ar an bhForbairt Bogearraí in Éirinin, “Déanann SITA feidhmchláir fiontar atá lárnach don bhunchuspóir a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a úsáidtear gach lá sa tionscal aeriompair domhanda idir oibríochtaí aerfoirt, chórais phaisinéara agus bhainistíocht bagáiste. Go deimhin, tá beagnach gach aerlíne agus aerfort ar domhan i mbun gnó le SITA, mar sin le linn a dtréimhse linn, faigheann mic léinn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn taithí ar cé chomh casta is atá sé chun feidhmchláir fiontar a fhorbairt le húsáid ar fud an tionscail seo atá chomh spéisiúil sin.”
I measc na dteicneolaíochtaí a chuireann na mic léinn i gcrích le SITA tá Silverlight, .Net (Dot Net), WPF, C#, Seirbhísí Java (SOA), Seirbhísí Gréasáin, Hibernate, Spring, Linux, Oracle agus SQL. Baintear úsáid astu seo i gcórais chun na haerfoirt idirnáisiúnta a reáchtáil; le go mbeidh na haerfoirt in ann dul i mbun teicneolaíochtaí Gréasáin; agus na hilchórais chasta a úsáidtear ar fud an tionscail aeriompair a chomhtháthú le chéile.
Dúirt céimí Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn Ray Hogan: “Ba thréimhse luachmhar a bhí i gceist leis an tréimhse a chaith mé le SITA. Sháraigh an taithí a fuair mé leis na teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus cleachtais fhorbartha a raibh mé ag súil leis. Le linn an chúrsa in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn rinneamar staidéar ar na príomhtheicneolaíochtaí fiontar agus ailtireachtaí a úsáidtear i bhfeidhmchláir ghnó an tsaoil dáiríre, bhaineamar úsáid astu agus chuireamar iad i gcomparáid lena chéile. Ach, ní raibh an deis agam leas a bhaint as na teicneolaíochtaí seo go fairsing go dtí an socrúchán agus iad a chomhcheangal ar bhealach praiticiúil. Tá sé ar nós eolaí ag athrú ó thimpeallacht saotharlainne rialaithe go dtí obair a dhéanamh ar imoibreoir núicléach.”
Chuir Maher leis seo a rá: “Mar fhostóir áitiúil, tá SITA tiomanta le bheith rannpháirteach i bpobal Leitir Ceanainn, ag obair go dlúth le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ina measc. Creidimid go bhfuil ríthábhacht leis an dlúthoiliúint don chéad ghlúin eile d’fhorbróirí bogearraí agus le clár socrúchán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn tá buntáiste breise againn iarrthóirí féideartha a mheas le haghaidh deiseanna fostaíochta amach anseo.”
Tá níos mó ná 115 fostaí ag SITA faoi láthair lonnaithe ina ionad forbartha i Leitir Ceanainn, ocht mac léinn ó chúrsa Forbartha Feidhmchláir Fiontar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ina measc.
Tue, 07 Dec 2010 13:58:00 GMT


