An Cheannasaíocht san Iarthuaisceart á Tabhairt chuig an gCaighdeán is Airde
Glacann bainisteoirí sinsearacha ón Iarthuaisceart páirt in idirphlé comhchéime ar feadh trí lá.
Is le déanaí a ghlac bainisteoirí sinsearacha agus cuideachtaí ón mór-réigiún Iarthuaiscirt agus ó Thuaisceart Éireann páirt in idirphlé comhchéime agus láithreoireachtaí ar feadh trí lá ar an dea-chleachtas ceannasaíochta sa CoLab. Bhí na seisiúin mar chuid den Chlár Máistreachta feidhmiúcháin páirtaimseartha sa Nuálaíocht agus sa Cheannasaíocht a mhaireann dhá bhliain atá á reáchtáil ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn atá ag sroichint an caighdeán is airde leis an ngnó agus tionscal túslíne san Iarthuaisceart agus níos faide amach.
Do na trí lá bhí ról lárnach ag Jerry Kennelly (iar-bhunaitheoir Stockbyte) agus Michael Carey (Jacob Fruitfield) a bhfuil cáil orthu agus iad chun tosaigh sa cheannasaíocht agus fiontraíocht. Is Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus príomhscairshealbhóir an Ghrúpa Bia Jacob Fruitfield é Michael, a bhfuil láimhdeachas €115m ag an gcuideachta agus tá sí mar cheann de na cuideachtaí atá i gceannas i margadh na hÉireann. Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin é Michael de Bhord Bia Tomhaltais Bord Bia agus tá sé ina Chathaoirleach ar bhord Institiúid Mhargaíochta na hÉireann. Bhain sé an Gradam d’Fhiontraí Tionscail na Bliana ‘Ernst & Young’ in 2005, Fiontraí Bia na Bliana Bord Bia in 2004, agus Gradam Barr Feabhais Bainistíochta an Sunday Times in 2003.
Bhunaigh Jerry Kennelly Stockbyte agus taobh istigh de deich mbliana bhain sé 10% de mhargadh domhanda an stoic ghrianghrafadóireachta atá saor ó dhleacht. In 2006 díoladh a chuideachta chuig Getty Images ar $ 135 milliún. Sa tionscal domhanda seo d’éirigh le cuideachta Jerry an brabús pro rata agus an bhrabúsacht is airde do gach fostaí a tháirgeadh. Roghnaíodh é mar Fhiontraí na Bliana Ernst & Young atá Ag Teacht Chun Cinn in 2005 agus tá sé i mbun fiontar gnó Domhanda nua a lainseáil i láthair na huaire a bhfuil mar aidhm aige cur isteach ar na heiseamláirí gnó traidisiúnta sa tionscal fógraíochta.
Dúirt Paul McGuckin, léachtóir ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, a bhí i mbun an mhodúil trí lá, “go raibh caighdeán agus raon na gcainteoirí den chéad scoth, agus thugadar léargais a bhí thar barr maidir le cleachtais atá ag Ceannairí ar éirigh thar cionn leo. Ní bhíonn deis agat gach lá fáil ar cheannairí den scoth atá i dTionscal na hÉireann”.
Thug Jenni Timoney as Baile Dhún na nGall, ráiteas ar thábhacht na ceannasaíochta láidre i dtréimhsí dúshlánacha, “Is mór an onóir é a bheith mar chomhpháirtí cláir de chúrsa Máistreachta áit a bhfuil an fócas ar na héilimh agus na dúshláin atá i ndán iarbhír do bhainisteoirí ag an túslíne. Tá a fhios agam go bhfuil Jerry agus Michael an-ghnóthach agus is cúis áthais dom gur éirigh leo teacht go Dún na nGall, agus is cinnte go raibh an turas níos giorra leis an héileacaptar.”
Labhair Michael Margey, Ceannasaí na Roinne Staidéar Gnó ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ar rath an chláir, “Nuair a fheiceann tú na tairbhí inláimhsithe ag teacht chun cinn sna cuideachtaí rannpháirteacha, is é sin an fhíorthástáil is mó d’fhéadfadh a bheith ann. Tá an clár seo ag leanúint ar aghaidh agus ag leathnú amach agus tá bainisteoirí ó chuideachtaí níos faide amach ná Dún na nGall, i nDoire, Tír Eoghain, Sligeach agus Maigh Eo, atá rannpháirteach ann.”
Tue, 07 Dec 2010 14:15:00 GMT


