Ceardlann Euro-Toques ar 28 Meán Fómhair
Ag Cócaráil ón tSrón go dtí an tEireaball – Turas Trí Bhúistéireacht agus Chócaráil na nGearrthacha Níos Lú in Úsáid.
Léireoidh Euro-Toques, i gcomhar le La Rousse Foods, ceardlann dar teideal "Ag Cócaráil ón tSrón go dtí an tEireaball – turas trí bhúistéireacht agus chócaráil na ngearrthacha níos lú in úsáid". Is cúis áthais é do Scoil Turasóireachta Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn sna Cealla Beaga an cheardlann seo a reáchtáil ina Léachtlann/Seomra Taispeántais úrscothach nua Dé Máirt, 28 Meán Fómhair 2010, ó 2 – 4 pm.
Gach fiosrúchán chuig Deirdre McCole ag deirdre.mccole@lyit.ie.
Nóta:
Is eagraíocht pan-Eorpach í Euro-Toques, Pobal Eorpach na gCócairí, atá ionadaíoch do níos mó ná 3,500 príomhchócaire agus cócaire, le brainsí náisiúnta i líon mór tíortha Eorpacha.
Thu, 02 Dec 2010 11:34:00 GMT


