about-top.jpg

Cúrsa Teicneolaíochta Fuinneamh Gaoithe Ceadaithe

Tá cead faighte againn faoin gCiste um Ghníomhachtú Mhargadh an tSaothair 2010 chun Miondámhachtain bliain amháin ar Leibhéal 6 a reáchtáil sa Teicneolaíocht Fuinneamh Gaoithe.

Is cúis áthais dúinn a bheith in ann Miondámhachtain bliain amháin nua ar Leibhéal 6 a reáchtáil sa Teicneolaíocht Fuinneamh Gaoithe ó mhí Mheán Fómhair 2010. Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu iarratas a dhéanamh é seo a dhéanamh trí

Ní mór do na hiarrthóirí:

1. A dheimhniú go raibh íocaíocht do lucht cuardaigh fostaíochta á fáil acu ar feadh trí mhí ar a laghad nó cóip den Fhoirm RP50 a chur ar fáil a dheimhníonn go bhfuil siad i dteideal iomarcaíocht reachtúil a fháil ón bhfostaíocht is déanaí a bhí acu. Ní mór cruthúnas ar íocaíochtaí den sórt sin a fháil ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.
2. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith cáilithe mar cheardaithe leictreacha nó meicniúla nó dámhachtain ardoideachais leictreach nó innealtóireachta meicniúla a bheith acu. Ní mór dóibh fianaise de na cáilíochtaí a chur ar fáil más mian leo a bheith san áireamh le linn an phróisis roghnaithe.
3. Ní mór ceadúnas tiomána reatha a bheith ag na hiarrthóirí.
4. Ba chóir go mbeadh na hiarrthóirí oiriúnach go fisiciúil agus ó thaobh sláinte de chun obair a dhéanamh agus iad ar airde.
5. De bharr an chineáil oibre atá i gceist, tá seans ann go mbeidh ar na hiarrthóirí iad féin a athlonnú go sealadach le haghaidh socrúcháin agus/nó fostaíochta.

D’fhéadfadh iarrthóirí a bheith curtha ar ghearrliosta ar bhonn a n-iarratais, agus tabharfar aird ar leith do cháilíochtaí agus taithí.

Is é is dóichí ná go mbeidh na hagallaimh do na hiarrthóirí ar an ngearrliosta ar siúl Déardaoin nó Dé hAoine, 26 & 27 Lúnasa agus scrúdú um obair a dhéanamh ar airde ar 31 Lúnasa.

Cliceáil anseo haghaidh tuilleadh eolais ar an gcúrsa.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Isabel Lagan ag 074 9186000 nó isobel.lagan@lyit.ie.

 



Tue, 07 Dec 2010 14:08:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht