about-top.jpg

Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) Nua i gCúram, Sláinte & Oideachas na Luath-Óige

Tá cead faighte againn Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) i gCúram, Sláinte & Oideachas na Luath-Óige a reáchtáil.

Is cúis áthais dúinn a bheith in ann Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) nua i gCúram, Sláinte & Oideachas na Luath-Óige a chur ar fáil ó Mheán Fómhair 2010. Leis an gclár seo is féidir leis na mic léinn ar éirigh leo an clár Baitsiléara Eolaíochta (Onóracha) i gCúram, Sláinte & Oideachas na Luath-Óige nó a choibhéis a chur i gcrích dul ar aghaidh chuig leibhéal Céime Onóracha.

Conas iarratas a dhéanamh

Beidh na mic léinn ar éirigh leo an Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) i gCúram, Sláinte & Oideachas na Luath-Óige ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn in ann dul chun cinn a dhéanamh go huathoibríoch ar an gcóras agus cuirfear tairiscint amach chucu in am trátha.

Más mian le mic léinn sheachtracha iarratas a dhéanamh don chúrsa is féidir leo na gnáthaimh a leanúint atá ar an Rannóg Iontrála ag Céim Chun Cinn dár suíomh Gréasáin trí chliceáil anseo.   

Beidh an clárú don chúrsa ar siúl Dé Luain, 13 Meán Fómhair. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar an gClárú.

An dáta deiridh do na hiarratais ná Dé hAoine, 30 Iúil. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le Ann Marie Kelly ar 074 918 6122.



Thu, 02 Dec 2010 11:10:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht